Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/94

This page has not been proofread.
90
NIAṀ

ċífí ag teaċt fé n-a ndéin aċ Caoilte féin. Do ḃeannuiġ sé dóiḃ. Ḃeannuiġdar dó. Ḋeineadar raint cainte. Níor laḃair Conn sa ċaint. Ḃí sé gruama, doṫíġsaċ go maiṫ. Fé ḋeire do laḃair sé as a ṁaċtnaṁ féin, agus ní ró ċneasda an focal a dúḃairt sé.

“Má tá teaċtaireaċt agat ó Ḃrian, a ġiolla,” ar seisean, “b' ḟearra ḋuit imṫeaċt agus an teaċtaireaċt a ṫaḃairt. Ní maiṫ an teaċtaire teaċtaire ríġin.”

“Ní'l aon teaċtaireaċt agam ó Ḃrian, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Ó, an eaḋ?” arsa Conn. “Níor ṁeasas go ḃféadfaḋ aon ġnó eile ṫu ṫaḃairt anso aċ teaċtaireaċt éigin a ḃeiṫ agat 'á ṫaḃairt ó Ḃrian ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla.”

“Tá faoḃar ar do ġuṫ, a ríġ,” arsa Caoilte. “Ní'l aon ġáḋ leis an ḃfaoḃar. Má ḃuaḋas ort ba ċóir go ḃféadfá é ḋ' ḟulang mar a ḋéanfaḋ fear. Ní dóċa gur b'aṁlaiḋ a ṁeasfá ḋom gan mo ḋíċeal a ḋéanaṁ.”

“Ní tu buaċtaint orm sa ruiṫ atá ag déanaṁ aon ḃuarṫa ḋom, a ġiolla,” arsa Conn. “Ní raiḃ aon ċeart agam dul sa ruiṫ i n-aon ċor. Ní ró ṁaiṫ a ḋeineas é agus mé féin a ċur i gcomparáid le giolla turais.”

B' ḟuiriste aiṫint air go raiḃ árd ḟearg air. Ḃí an ċaint 'ġá ṫaċtaḋ ba ḋóiċ leat. Ċaiṫeaḋ sé stad idir gaċ aon dó nó trí ḟocalaiḃ le toċt feirge.

“Tá feirg ort, a ríġ,” arsa Caoilte. “Ní ḟeicim cad ḟéadfaḋ an ḟearg a ċur ort aċ mise do ḃuaċtaint ort sa ruiṫ. Ní ḃuaḋfainn ort mura mbéaḋ tu ṫeaċt am' ċoinniḃ sa ruiṫ. B'ḟéidir nár ḃ' ḟearra ḋúinn rud a ḋéanfaimís 'ná sinn féin a ṫriail i ngníoṁ éigin eile. B'ḟéidir dá dtrialaimís sinn féin i ngníoṁ éigin eile go ḃfaġfá an láṁ uaċtair orm agus ansan go n-imṫeóċ' an ḟearg díot.”

Níor ḟéad na h-uaisle eile gan sgeartaḋ gáire ḋéanaṁ.