Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/95

This page has not been proofread.
91
NIAṀ

Do laḃair Caoilte ċóṁ réiḋ sin agus an ḟearg ċóṁ fíoċṁar san ar an ḃfear eile.

“Dá mba ṁac ríġ ṫu,” arsa Conn, “níor ṁiste ḋuit laḃairt ar an gcuma san. Agus dá mba ṁac ríġ ṫu níor ṁiste ḋuit, b'ḟéidir, ḃeiṫ ag teaċt anso ar an ngnó a ṫugan ann tu. Aċ giolla turais!”

Níor ṫug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D'iompuiġ daṫ bán ar an ġnúis. D'ḟeuċ sé n-a ṫímpal ar na h-uaisliḃ eile. Ḃí Niaṁ agus a h-aṫair ag éisteaċt leis an gcaint. Ní ḟeidir sé cad ba ṁaiṫ ḋó a ráḋ ná cad ba ṁaiṫ ḋó a ḋéanaṁ. Ḃuail Niaṁ ċúċa anall go breaġ réiḋ. Ḃíodar go léir ag úṁlúġaḋ ḋi láiṫreaċ.

“A Ċuinn,” ar sise le Conn, “Tá gnó éigin ag Brian díot-sa. Oirean dóṁ-sa leis dul ċun cainte leis. Fan liom ansan tamal beag agus beiḋ mé i n-aonḟeaċt leat ag dul ag triall air. Tar-sa a leiṫ anso go fóil, a ġiolla,” ar sise le Caoilte. “Tá teaċtaireaċt agam le taḃairt duit.”

Nuair a ḃí sí féin agus Caoilte a' raon na gcluas do laḃair sí.

“A Ċaoilte,” ar sise, “taḃair aire agus ná leig ort go gcuirfiḋ an níḋ ata agam le ráḋ leat aon iongnaḋ ort. Táid na h-uaisle sin go léir ag faire orainn. Tá ḟios agam-sa cad a ṫugan anso ṫu. Agus tá ḟios ag Conn cad a ṫugan anso ṫu. An níḋ céadna a ṫugan anso é féin, agus tuille acu. Ṁeasas go dtiocfaḋ liom a ċur 'n-a luíġe ar a n-aigne, gan a ḃeiṫ orm laḃairt, gur gnó gan éifeaċt an gnó atá 'ġá dtaḃairt anso. Táim-se ceapaiṫe, a Ċaoilte, ar mo ṡaoġal do ċaiṫeaṁ ag taḃairt aire dom' aṫair an ḟaid is toil le Dia é féin agus mise ḋ' ḟágaint ar an saoġal. Má's ar m'aṫair is túisge a ġlaoḋfaiḋ Dia, fanfad singil ar an saoġal so go leanad é. — Imṫiġ anois, a Ċaoilte, agus bíoḋ mo ḃeannaċt agat, agus má's maiṫ