Do glaoḋaḋ isteaċ ar Ċonn. Nuair a ṫáinig sé isteaċ do laḃair Brian leis.
“A Ċuinn, a ṁic ó,” ar seisean, “ṁeasas go raiḃ ciall agat-sa”.
Ní féidir Conn an tsaoġal cad é an bun a ḃí leis an gcaint. Níor laḃair sé.
“Do h-iaraḋ orm laḃairt leat agus a ráḋ leat ciall a ḃeiṫ agat,” arsa Brian agus é ag gáirí.
Níor laḃair Conn focal. Ní ḟeidir sé cad ba ċeart dó a ráḋ, agus ċeap sé gur ḃ'ḟearr éisteaċt.
Do laḃair an sagart.
“B'ḟéidir nár ḃ'ḟearr rud a déanfaí 'ná an ceann a ḃaint de'n sgéal duit, a Ċuinn,” ar seisean.
“Leig dóṁ-sa imṫeaċt, a ríġ,” arsa Niaṁ.
Ċrom Brian a ċeann ċúiċi, agus d' imṫiġ sí amaċ.
“Do laḃrais go feargaċ ó ċiainiḃ, a Ċuinn,” arsa'n sagart. “Is dóċa go ḃfuil ḟios agat féin cad é an ċúis a ḃí agat leis an ḃfeirg. Ní'l agam-sa le ráḋ leat aċ an méid seo. Tá socair 'n-a h'aigne féin ag inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla gan pósaḋ ċoíḋċe.”
“Siné cúis, a Ċuinn” arsa Brian, “gur h-iaraḋ orm-sa laḃairt leat-sa agus a ráḋ leat ciall a ḃeiṫ agat.”
“Agus, a Ċuinn,” arsa'n sagart, “féadfair-se a ḋ'innsint d'á ṫuille, fé mar a ṫuigfir féin gur gáḋ é, ná fuil aon ḃreiṫ ag aon ḟear go deó ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir a ḋ'ḟáġail le pósaḋ.”
“Imṫiġ leat anois, a ṁic ó,” arsa Brian, “agus bíoḋ ciall agat.”
D'imṫiġ Conn gan laḃairt. Ḃí sé ag dul ó ḋearg go bán agus ó ḃán go dearg an ḟaid a ḃí sé ag éisteaċt leó, agus ansan d'imṫiġ sé gan laḃairt.
Ḋein sé an rud a dúḃraḋ leis, áṁtaċ. D'inis sé an rud a h-innseaḋ dó. As san amaċ níor deineaḋ a ṫuille éada