Page:Quiggin Dialect of Donegal 0201.png

This page has been proofread.
201
Éamonn Ua Ciórrthais (?).

Bhí baintreabhach mná i Leitir-Mhic-a-Bháird. Bhi beirt mhac aici – Padraig Ua Ciórrthais an fear bu sine ⁊ Éamonn ab óige. D’fhás siad suas go robh siad ann a mbuachaillí. Aon lá amháin dubhairt Éamonn le n-a mhathair: A mhathair! imtheachaidh mise go bhféachfaidh mé m’fhortún fhagháil domh fhéin. Tá an talamh beag: go leór aig mo dhearbhbhrathair. Cia ocú fearr leat toirtín beag ⁊ mo bheannacht no toirtín mór ⁊ mo mhallacht? is fearr liom toirtín beag ⁊ do bheannacht. Ghléas air ⁊ d’fhag beannacht aig n-a bhunadh. Thug a mhathair a beannacht dó. Bhí sé mall trathnóna nuair d’fhág sé an baile. Ní’l ann acht go bhfuair se trasna Ghaoth-Beara go dtainic an oidhche ⁊ chodail sé an oidhche sin anusan Gharbhchoill. Air thuitim ’na chodladh dó thainic annsair Cú Beag na Garbhchoilleadh. Sé do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais, arsí. Cuid air leith ⁊ coimhreainn ⁊ rud le tabhairt annsair na coileáin. Gheobh tú sin, a choileáin uasail! Thug dithe cuid air leith ⁊ coimhreann ⁊ rud le tabhairt annsair na coileáin. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsa ’n cú, tá mé buidheach díod. Ce b’air bith áit i mbéidh tú i ngeibhionn, deán scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Air maidin lá air n-a bhárach go luath, luath, d’eirigh ⁊ chuaidh sé air shiubhal ⁊ shiubhail roimhe níos fuide na thig liomsa ’innse. Fa dheireadh trathnóna go mall chonnaic sé cúairt ⁊ caisleán mór. Thainic sé ’un an geafta. Fiafruigheadh de, go dé bhí sé dha iarraidh. D’innis sé dóbhtha gur buachaill bhí aig iarraidh aimsire. Ní robh muid sinne aon lá ariamh nach robh buachaill de dhith orrainn, arsa ’n geaftóir. Go dé an obair a bhfuil tú maith aige. Saoilim nach bhfuil obair fá ’n teach nach dtig liom a dheánadh. Go dé ’n tuarastal atá tú dha iarraidh go ceann lá ⁊ bliadhain? Fágfaidh mé sin aig an rí. Ce b’air bith tuarastal is fiú mé, bhéarfaidh sé domh é. Air maidin lá air na bhárach chonnaic sé mórán spící air an bhadhbhdhun ⁊ ceann daoiní air chuid ocú. D’fhiafraigh sé, go dé tá mé ’g dul a dheánadh aniu. Teiseanadh dó bóitheach nar cartadh le seacht mbliadhna, ⁊ mur mbéidheadh sé cartaighthe trathnóna, go gcuirfidhe a cheann air spíce. Fuair sé grape, ⁊ an chéad cheann a chaith sé amach, sé an rud a thainic seacht gcinn asteach. Chaith sé ceann eile amach ⁊ thainic ceithre cinn déag asteach. Ó tím, arsé, is goirid go robh an teach seo líonta ⁊ rachaidh mo cheann-sa air an spíce. Tá mé i ndrocháit, arsé. Ni’l imtheacht air an bhás agam. Aréir chuala mé trí scairt mhóra thíos anns an ghleann.