Page:Quiggin Dialect of Donegal 0211.png

This page has been proofread.
211

anois ⁊ ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Béidh muid i bpléisiúr an tamall sin fhéin. Aig ceann na dtrí lá dubhairt nighean an ríogh, caithfidh mise thusa fholach. Tá an Crochaire Tárrnochttha ag teacht. D’fholaigh sí Éamonn. Thainic an Crochaire. Mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh, bhréagaigh annseo, arsé. Mothachaidh tú sin, arsí, fhad a’s tá mise ann. Air maidin go luath lá air n-a bhárach d’imthigh an Crochaire ⁊ dubhairt nach mbéidheadh air ais go ceann dá lá. Dubhairt Éamonn le nighean an ríogh: mur bhfaghaidh muid plan éiginteach oibriughadh, ní bhfuigh muid buaidh air an Chrochaire go deó. Go dé ghéanfaidh muid? arsa nighean an ríogh. Leig thusa ort, arsa Éamonn go bhfuil cion mór agad air ⁊ go bhfuil buaidhreadh ort an pósadh do chur air gcúl. Deán iolghárdas mór nuair a thiocfaidh sé abhaile. Rinneadh sin uilig. Bhí bród mór ⁊ athas air an Chrochaire ⁊ dubhairt sé, dha mbéidheadh fhios agad fios an fhir atá agad, bhéidheadh tilleadh athais ort. An féidir do mharbhughadh? Ni shaoilimse go bhfuil aon ghaiscidheach anns an domhan ábalta do mharbhughadh. Rinne sé gáire mór. Tím anois go bhfuil do ghrádh bainte agam. Innseachaidh mé dhuid go dé mhuirfeadh me. Ní thig mise do mharbhughadh, arsa an Crochaire, go ngearrtar an crann mór sceach tá air bharr na binne thíos aig an fhairge. Dha ngearrfaoi an crann, air thuitim dó léimfeadh sionnach mór amach; a’s a bhfuil de chonairt anns an domhan, ní mhuirfeadh siad an sionnach go dtigeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh as Éirinn. Mhuirfeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh é. Air thuitim do’n tsionnach, léimfeadh lach amach as an tsionnach. D’imtheachadh sí san spéir. An méid seabhaic atá san domhan, ní mhuirfeadh siad an lach acht amháin seabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Dha marbhfaoi í bhéarfadh sí uibh air lár na fairge. An méid dobhráin atá san domhan, ní bhfuigheadh sé an uibh sin acht Dobhrán Donn Loch an Iubhair. Na dhiaidh sin ⁊ uilig ní bhéidhinnse marbh go mbuailtí an uibh sin air an bhall dubh atá thíos air thóin mo ghoile. Thúsaigh nighean an ríogh ag damhsa le h-athas ⁊ dubhairt gur bhfada léithe go dtí lá an phósta. Tá mise ag imtheacht anois, arsa an Crochaire, ⁊ ní thiocfaidh mé air ais go dtí trathnóna amárach ⁊ annsin ní imtheachaidh mé níos mó. D’imthigh sé ⁊ d’fhág sé slán aig nighean an ríogh go bpillfeadh sé air ais. Thainic Éamonn asteach ⁊ bhí an scéal mór aig nighean an ríogh dó. Ní’l am air bith le cailleadh, arsa Éamonn. Caithfidh muid túsughadh dh’obair. Fuair siad dhá thuagh. Thoisigh siad do ghearradh an