Page:Quiggin Dialect of Donegal 0235.png

This page has been proofread.
235

Thug sé aon bhuille amháin de’n chlaidhimh ⁊ thug amach croidhe ⁊ crubhogaí an chait. Bhí ionga neirahe i ruball an chait. Air thuitim do’n chat bhuail sí é leis an ionga neimhe ⁊ thug amach a chroidhe ⁊ a chrubhogaí. Thuit an bheirt marbh aig taobh a chéile. Chuartaigh na trí phrionnsa go bhfuair siad an uaigh. Bhí Céadach ⁊ an cat mór na luighe marbh. Ní thainic leóbhtha aithne eadair an dá chroidhe. Mo léan sibh, arsa Scaith Shíoda, nach n-aithnigheann eadair croidhe cruaidh, danardha an chait ⁊ croidhe beag nádúrtha m’fhir fhéin. Thug siad leóbhtha ’un an bhaile Céadach. Chóirigh an croidhe ann a áit fhéin ⁊ chumail dó an íocshláinte. D’éirigh na sheasadh comh slán ⁊ bhí ariamh. Bhí lúthgháir mhór air a bhean. Bhí lúthgháir air an rí ⁊ air a thriúr mac. Go dé tá muid ag dul dá dheánadh? arsa Scaith Shíoda. Nó an rachaidh muid abhaile? Ní rachaidh, arsa Céadach, go bhfeicidh mise bhfuil siad siud beó aniu. Chuaid siad ’un an mhachaire. Bhí siad uilig marbh. Chuartaigh Céadach ⁊ fuair sé slaitín draoitheachta síos air dhruim na caillighe. Thug leis í ⁊ phill siad abhaile. Bhí mórán carraiceacha ⁊ clocha glas ⁊ bán. Bhuail Céadach iad leis an tslait. D’éirigh siad na seasadh fir ⁊ mná, eallach ⁊ caoirigh ⁊ capaill go robh bunadh an ríogh beó air ais. Bhí lúthgháir mhór air an rí. Is cóir dúinn anois do dhul abhaile, arsa Céadach le n-a bhean. Ní fhágfaidh tú mise a choidche, arsa ’n rí. Is leat leath mo rioghachta a choidhche ⁊ mo bheannacht-sa fosta. Faraor thú, arsa Céadach, tá rioghachta ag fuireacht liomsa níos fearr ná do rioghachta uilig. Ní áirighim an leath. D’fhág sé slán aig an rí ⁊ aig n-a bhunadh. Bhí buaidhreadh mór orrthú na dhiaidh. Chuaidh arís ’un fairge. Cá bhfuil muid ag dul? arsa Scaith Shíoda. Bhí Lonndubh mac rí na Dreólainne na chomrádaidh mhaith agamsa air feadh i bhfad. Tá fhios agam go bhfuil sé cóirighthe le spíosarai aig n-a athair. Tá buideal de’n íocshláinte liomsa. Rachaidh muid ’un na Dreólainne ⁊ leigheasfaidh muid Lonndubh. Rinne siad mar dubhairt siad. Bhí cumhaidh mhór air rí na Dreólainne i ndiaidh Lonndubh. Ní robh lá air bith nach ndeánadh sé tamall mór buaidheartha os ceann a mhic. D’iarr Céadach cead a fheiceál, gur doctúir a bhí ann. Chumail sé an íocshláinte do’n ghearradh a bhí eadair an ceann ⁊ an muinéal. D’éirigh Lonndubh na sheasadh. Saoilim gur chodail mé, arsé. Is maith an bharramhail, arsa ’n rí, ⁊ tú marbh le seacht mbliadhna. A Chéadaigh, mhic ríogh na dTulach, do chéad míle fáilte, a dheaghghaiscidhigh ghlain. Chuaidh mise ’un an domhain thoir do do mharbhadh. Thainic tusa níos fuide le mise do dheánadh beó. Ní scarfaidh tú