Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/17

This page has not been proofread.

XV.

An té do bhailigh i dtaiscidh an t-ór n-a mhaoin, 'S an té do scaip é go fearthainneach sóghach le gaoith, Is dearbh nár hóradh díobh aon chré sa bhfeart Gur dhéanta dfhearaibh a leabthacha a thóbhach arís.

XVI.

Is mairg gur dóth dhó lóchrann aindeis an tsaoghail, Fanann n-a smól nó fós má phreabann ar bhlaodhm, Ar nós an tsneachta is beag sé insna fearannaibh teó, Lasann uair óg nó dhó agus casann ar éag.

XVII.

Machtnaimh ar ghlóir an ósta chríona tháir Gurab ainm dá dhóirse leóinte oidhche is lá Gach sultán dá dtígheadh n-a cháil 's in' acmhuing an treó Do chaitheadh a nóimeat cóir 's d'imthigheadh go bráth.

XVIII.

Bíd airc agus leóghain le spórt ag caitheamh a saoghail Mar mbíodh Seámsíd ag ól fad ó go rabairneach saor, 'S Bahrám na sealg is tréan ag satailt ar a fhód An t-asal fiaidhmheóin 's ní dóth dhó scaipe ar a néall.

XIX.

Measaim ná fásann scáil ró-dhearg ar rós Nár eascair as áit nur thárla marbh ann treón; 'S an búgh bheir maise n-a gclódh do gharraithe bláth

Gur theangmhaig n-a lár ó tháthfholt ainnire róinn.

11