XX.
'S an luibh seo n-a dhíon ar íoghair na habhann ár ndáil, Go bhfuil gluise ar a gnaoi agus milse a balaithe ag cách, A bhuíonach, tarraing go sámh, 's ná luigh uirthi síos — Ca bhfios cadé an caoinghob thíos aganfhios ós fhás.
XXI.
Líon corn na féile, a laogh, go scaipeadh de dheóin O Indiu dham aithmhéala Indé, is gach anaithe róm: Imbáireach! Ca bhfios dar ndóigh nach n-a chuilith raghainn d'éag, Mar d'imthigh Indé is seacht n-aosa ar ceapadh n-a chóir
XXII.
Féach, cuid den dream dob annsa línn abhfus, Scoth na gclann do bhronn an saoighal n-a rith, Babhta roimhe seo d'ibh gach duine a steall 'S so dhruid don bhall 'n-ar bhfonn leis luighe fé chuilt.
XIII.
Is sinne atá suas go suairc san ionad ba leó, 'S go gcuireann an uain gheal nuaidhreach orainn do nós, Is dual dúinn imtheacht fén bhfód i gcuilce atá duairc, 'S nach fiosach cá sluagh nur luadhadh mar chuilce sinn dóibh.
XXIV.
Deineam crích dhon chóir seo róinn, dá gcaithfam d'ár n-aois, Sara luigheam fén bhfód ar nós ar mhair ar an saoighal; An chré dhon chré seadh is dual; fén gcré bheam fós,
Gan fíon gan cheól gan spórt gan aiteas — gan chríoch!
12