Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/19

This page has not been proofread.

XXV.

An dream dar cion Indiu go dhfhagháil gan ghruaim, 'S an dream ler coinne dul Imbáireach buan, Deir Muezzín árd n-a gcluasa ón dteanntur dubh: "Thall ná abhfus, dbhur n-imreascáil níl duais!"

XXVI.

Naéimh is ollaimh oilte a thrácht go dian, Dhá shaoghal dá gcur ar bun de bhárr a nglíadh, Tá a gcainnt fé tháir, dar fiadh, 's iad féin fé ghuith, 'S a mbéil ghá stopadh ag crumha i gcáirnibh criadh.

XXVII.

Ag ollamhain ghasta chaitheas m'óige ar scoil, Is chloisinn a dtagra greanta ar bórd go glic; Acht dfhág a nglórtha me gan toradh ar a gceacht, 'S an dorus isteach 's amach ba chomhionann dam.

XXVIII.

Is sámh a chuireas n-a bhfochair sin síol an eóil, 'S mo lámhsa a bhrostuigh air ionnus go dtígheadh chun flóis; 'S níor bhaineas dá dhruim 'mun bhfóghmhar acht a ádhbhar so: "Thánga im uisce, is i gcosmhaileacht gaoithe imtheóghad!"

XXIX.

Ar an saoghal so theacht 's cad as, cad chuige, nach eól, Acht éalódh isteach mar thagann uisce n-a ród; 'S annsan arís, mar gheóbhadh an ghaoth n-a neart!

Téarnamh as 's nach feas cá gcluichtear ar seól.

13