Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/37

This page has not been proofread.

Rustum. Isé sin Oscar nó tréanfhear finnscéaluidheacht na Peirse.

Zál ab ainm d'athair Rustum.

Hátim Taí. Isé sin Guaire na scéaluidheachta san Domhan Thoir.

XI. Mahmúd. Impire árdchomhachtach a bhí san Domhan Thoir. Chuir sé an India féna smacht.

XIII. An druma úd i gcéin .i. druma dá bhualadh leathsmuigh de thigh mhór.

XVII. Sultán .i. rí.

XVIII. Mar mbíodh Seámsíd ag ól .i. I gcathair Phersepolis. Deirthear gur bh'é Seámsíd a thóg an chathair ain ar dtúis.

Bahrám .i. Bahrám Gúr .i. Bahrám an Asail fhiadhain, rí Thír na Sassáine. Bhí seacht gcaisleáin aige, agus gach caisleán aca ar mhalairt datha. Thárla Bahrám uair ag fiadhach asail fhiadhain agus tháinig díle bháistighe ar an dtalamh, ar chuma gur sloigeadh ann Bahrám féin agus a chaisleáin go léir.

XXI. Seacht n-aosa .i. Seacht bpláinéid, agus mile bliain do gach pláinéad aca.

XXIII. Cuilce .i. leaba.

XXV. Muezzín: Oifigeach a bhaineann le mosc Mhohamiteach. Ise cúram a bhíonn air ná na trátha guidhe dfhógairt don phobul.

XXXI. Satharn .i. Tighearna an seachtmhadh neamh.

31