sé a ṡaiḋḃreas, nó ḃéaḋ sé ag imṫeaċt n-a ġeilt n-a ṗeilt i gceann seaċtṁaine. Tá féasóg trí troiġ ar gaċ duine againn! An ceól is mó taitniġeann linn—”
D’ḟéaċ sí ormsa agus ṫáinic meangaḋ ar a béal. Ṫosaiġ sí ag léiġeaḋ arís:
“Seo é an t-aḃrán is mó cluintear againn—
“Ní ḃainfiḋ mé an ḟéasóg seo díomsa
Go ḃfásfaiḋ sí trí troiġ ar a fad,
Go mbeiḋ neart ’s téagar ’s bríġ innti
Ṫar mar facṫas ar aon ḟear dár ṁair.”
Maidin lá’r na ḃáraċ ċuir an litir seo aoiḃneas ar ċroiḋe na máṫar. Las suas a seanéadan caiṫte uasal.
Ḃí Áine go gliondaraċ....
“Sé an fear ceanan céadna é, a ṁáṫair,” ar sise. “Ní ċuirfeaḋ aon níḋ ar an saoġal as dó. Ḋéanfaḋ sé gáiriḋ agus greann dá mbéaḋ sé i mbéal an ḃáis.”
“Fíor sin, a ċuid,” ars an tseanḃean, “ní ḃíonn greann aċt mara mbíonn seisean; gile a ġáiriḋ agus éadtromaċt a ċroiḋe—is leiġeas ar an droċ- ṡláinte iad. Is fada liom an lá agus is fuide liom an oiḋċe go ḃfeicfiḋ mé arís é....”
Níor ċualas an oiread sin molta uaiṫi ó ṫáinic mé san áit: bean de na mnáiḃ mórḋálaċa sin naċ noċtuiġeann a gcroiḋe aċt go fíor-annaṁ b’eaḋ an tseanḃean.
Ċonnaic mé súile Áine. Ḃíodar ag daṁsa n-a