Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/110

This page has not been proofread.
94
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

D’ḟágamar triúr slán ag an tseanḃean gan mórán aċair, aċt ġeall an stráinséara go dtiocfaḋ sé arís.

“Arís agus arís eile, a ḃean uasail,” ar seisean, “ní ḃéinn tuirseaċ ag cur síos ar an ḃfear cróḋa sin, ar Riocárd an ċroiḋe ṁóir—mar tugaḋ air san gcampa, ní ḃéinn tuirseaċ ag cur síos air go lá mo ḃáis....”

Ḃí an triúr againn ag imṫeaċt ó’n teaċ mór.

“Cá raiḃ tusa ag troid?” arsa mise leis an stráinséara.

“Ní ḋeárna mé troid ariaṁ aċt ar stáitse aṁar- clainne,” ar seisean, “agus ní ḋéanfad má’s féidir liom é.”

“Aċt naċ ndeir tú go raiḃ tú ṫar éis ṫeaċt as Frongaċ?”

“Frongaċ!” ar seisean, agus ċaiṫ sé a ḋá láim amaċ uaiḋ díreaċ is dá mbéaḋ sé ar stáitse, “Frongaċ! ní áil liom ṫú! Aér cruaiḋ na sléiḃte ṫart ann—ní réiḋtiġeann sé le mo sgaṫṁógaiḃ! Boḋar-aéir an logáin—is gráin liom é!”

“Aċt cé’n ḟad ar ċaiṫ tú ann?” arsa mise.

“Ní raiḃ mo ċolann ann ariaṁ aċt ḃí m’anam ag follaṁain ós cionn an ċampa ó cuireaḋ ár seadairí calma ann i dtosaċ,” agus ċuir sé goṫaí air féin aṁail is dá mbéaḋ sé leis an ḃfiċe oiread a ráḋ maraċ gur ċuir Áine isteaċ air.

“Mise ṫug annseo é,” ar sise go réiḋ. “Ḃí faitċíos orm go raiḃ aiṁreas ag teaċt ar an tsean- ṁnaoi. Dá neadruiġeaḋ an t-aiṁreas n-a croiḋe, ní ḋíbreoċaḋ an saogal é agus réabfaiḋ a seanċroiḋe.”