Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/114

This page has not been proofread.
98
BEIRT ḂAN MISNEAṀAIL

D’imṫiġ Áine. An ḟéaċaint ṫruaiġṁéalaċ ṫug sí ḋom ag imṫeaċt ḋi!

Rug an tseanḃean ar ġualainn orm.

“Cogar! Cogar!” ar sise, agus is ar éigin d’aiṫneóċṫá a glór.

Ċuir mé mo ċluas le n-a béal.

“Feicfiḋ mé mo ṁac gan moill, i gceann cúpla lá b’ḟéidir....”

Ċuir sí cosg léiṫi féin. Easbaiḋ anála ḃí uirri.

“Feicfiḋ mé é,” ar sise, “aċt ní ar an saoġal seo é. Tá mé ag faġáil ḃáis. Gairid uaim é, gairid uaim mo ṁac....”

Níor ḟéad sí níos mó a ráḋ leis an toċt ṫáinic uirri. I ndiaiḋ tamaill duḃairt sí—

“Ḃí ḟios agam gur marḃuiġeaḋ é ar feaḋ an aċair.... ḃí ḟios agam é.... aċt ní innseóċainn d’Áine é.... ṁarḃóċaḋ sé í.... brisfiḋe a croide.... an gean ḃí ag an mbeirt sin dá ċéile....”

An ḃeirt ḃan sin! Gaċ duine aca ag iarraiḋ dallóg ċur ar a ċéile ar eagla go mbrisfeaḋ sgéal báis an té dá dtug siad beirt gean croiḋe an duine eile!

Níor innis mé ḋi go raiḃ ḟios ag Áine freisin é.

“Nuair ḃéas mise imṫiġṫe,” ars an tseanḃean ḋall, “tig leat an sgéal innseaċt di.... tig leat innseaċt di go ḃfuair mo ṁac bás—go ḃfuair mo ṁac bás ar son na hÉireann....”

Agus ní ḟaċa mé ariaṁ féaċaint níos mórċúisiġe i n-éadan duine....