Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/150

This page has not been proofread.
134
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

Lón anma ag mnaoi molaḋ clisde. Mol a háilne i nganḟios ḋuit féin mar ḋ’eaḋ; leig ort go ḃfuil cúṫal ort faoi gur laḃair tú ar ċor ar biṫ, cuir i dtuigsint di, gan briaṫra béil, naċ dtiocfaḋ cainnt dá sórt as do ḃéal maraċ gur ḃain an áilne ḃí ós do ċoṁair amaċ asat í gan buiḋeaċas duit. Déan sin, agus beiḋ leat.

Aċt fainic! Déan go clisde é. Déan go deas- ḃéalaċ é. Déan go héadtrom é. Ní mór ḋuit taiṫiġe ṁaiṫ ḃeiṫ agad ar an obair; aċt má ceap- tar ort go ndeárna tú a leiṫéid de ċainnt le bean ċeana beiḋ tú ar ṁullaċ do ċinn i n-omar na haimléise gan aċar.

Ní ḋeárna an stráinséar óg a ṫagaḋ ċoṁ minic sin ag féaċaint ar na seaniarsmaiḃ i siopa na seandaċta an molaḋ aċt go codramánta. Ní raiḃ goṫaḋ na fírinne ná na dílseaċta air. Níor tugaḋ áird air. Aċt ḃí bé an tsiopa seandaċta clisde; leig sí uirri gur mil beaċ aici an uile ḟocal dá dtagaḋ as a ḃéal. Ṫuig sí ar a nós banda féin naċ ar ṁaiṫe leis an ḃfear óg ṫall dá dtug sí gean ḃíoḋ stráinséir an ḟeistis nuaiḋ ag teaċt ar an tsráid; cá’r ḃfios di naċ ḃféadfaḋ sí caḃair éigin ṫaḃairt dó-san aċt an t-amadán seo a ṁeallaḋ?

Agus ċeap an stráinséar go raiḃ ag eirġe leis go toġṫa. Aċt ḃí sgáṫ air go raiḃ sí ag cur isteaċ ar a ċuid oibre go ró-ṁór. Cúpla uair leig sé a ġnó ċun failiġe le cuairt a ṫaḃairt uirṫi. Aċt naċ raiḃ sí andeas ar fad? Agus an dá ṡúil ḃí aici! Agus a béal—síorċuireaḋ ċun póige an béal sin! con- taḃairt do ḟearaiḃ óga deirge an ḃéil sin! Cá’r