Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/154

This page has not been proofread.
138
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

Rug sí ar an seansgaróid buird arís, aċt ní ḋeárna sí mórán oibre. Ḃí sí leaṁ de’n tsaoġal, gur eiriġ sí n-a seasaṁ agus gur ṫarraing an brat glas ar leaṫtaoḃ, agus go ḃfaca sí an fear óg ṫall. Ḃeannuiġ sí ḋó le n-a ceann, agus ṫug cuireaḋ ḋó ṫeaċt ċuici....

Ní raiḃ aon ċeapaḋ aici an ċuireaḋ ṫaḃairt dó. Dá buiḋeaċas rinne sí é. Ḃí náire uirri go raiḃ sí ċoṁ dána sin. Céard deirfeaḋ sí leis? Cé’n ḃaraṁail ḃéaḋ aige uirri?

Ḃí a croiḋe ar preabaḋ agus luisne n-a gnúis nuair ḃuail sé isteaċ. Céard deirfeaḋ sí leis? An leigfeaḋ sí uirri féin nár ṫug sí cuireaḋ ḋó, gur dearmad ḃí air? Dá laḃraḋ sí i dtosaċ ar ṫeaċt isteaċ ḋó ṫuigfeaḋ sé a ċorraiġṫe is ḃí sí.

Áḋṁail go leór, rinne seisean an ċuid is mó de’n ċainnt go raiḃ sí ar a suaiṁneas.

“Níl áit ar biṫ,” ar Peadar Ó Doṁnaill, “is feárr liom uair a ċaiṫeaṁ ann ná i siopa seandaċta.”

“Ní raiḃ sé i ḃfad uait,” ar sise.

“Ní raiḃ, aċt ḃí sgáṫ orm a ṫeaċt.”

“Sgáṫ? Tuige?”

“Roṁatsa.”

“Ḃfuil cosaṁlaċt ċoṁ niṁneaċ sin orm?” agus ṫáinic friġid an ṁagaiḋ n-a súiliḃ.

“Ní hé sin é aċt an poll—an poll ġeárr tú san mbrat glas,” agus ṫasbáin sé ḋi é.

Croċaḋ suas aṁrán san seómra ar ċúl an tsiopa.

“Ṫugas cuireaḋ ḋuit ṫeaċt annseo,” ar sise. “Ḃí fáṫ agam leis. Ṡíleas le fada innseaċt duit go mbíonn daoine ag faire ar do ṡeómra gaċ lá.”