Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/162

This page has not been proofread.
146
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

ais do’n ḃaile mór. Ċloiseaḋ an bleaċtaire ainm Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill ġá luaḋaḋ go minic. Ṡeasaḋ fear ag coirnéal sráide agus páipéar nuaiḋeaċta fosgailte aige. D’ḟeiceaḋ sé fógra ann ó luċt an airm ḃí i seilḃ na caṫraċ ag innseaċt cé na daoine de luċt na Pobalaċt’ láiṁsiuġaḋ an ṁaidin roiṁe. Ṫiocaḋ giosgán fiacal air agus fiuċaḋ fola. Ġluaiseaḋ leis ar a ṡliġe, agus an diaḃal n-a ċroiḋe istiġ....

Ba léir do’n ḃleaċtaire cé’n gean ḃí ar Ṗeadar. Peadar boċt, deireaḋ bean agus deór faoi n-a súil. Peadar boċt, deireaḋ fear agus rún díoġal- tais n-a ċroiḋe. Peadar boċt, deireaḋ na faoileáin ḃí ag eiteall ós cionn na haiḃne. Peadar boċt, deireaḋ an ġaoiṫ anoir isteaċ ó’n muir ṁóir....

Agus d’ḟeiceaḋ an bleaċtaire súile tarcuisneaċa an ṗríosúnaiġ ġonta ḃí n-a luiġe ar an tolg i gcúinne de ṡeómra i gCaisleán Áṫa Cliaṫ gaċ uile uair a ċloiseaḋ sé an focal.

Ḃí sé cinnte naċ raiḃ na loganna ar ḟeaḃas aige. Níor ṁór ḋó cuairt a ṫaḃairt ar ḋoċtúir. Aċt ḃí baraṁail aige naċ druganna an leiġeas ab’ ḟeárr ḋó, aċt focal beag molta, focal beag a ċuirfeaḋ bríġ agus borraḋ ann arís....

Ṫug sé aġaiḋ ar Sráid na Life. I siopa na seandaċta d’ḟeiceaḋ sé súile daonna, ċloisfeaḋ sé glór daonna arís. Ní ḃéaḋ a ḟios ag bé an tsiopa cé’n ḃaint ḃí aige le luċt marḃṫa Ṗeadair. Ní móide go mbéaḋ a ḟios aici gurab é Peadar ḃíoḋ sa seómra taoḃ ṫall uaiṫi.

Rinne sé deifir.