Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/17

This page has not been proofread.

Ceóltóirí

I

Ba le Pól Duḃ an Teaċ Mór agus a raiḃ de ṫalaṁ ṫart air, agus má ḃí suas le leiṫ ċéad seómra ann, níor ḃac sé aċt le aon tseómra aṁain mar is ann ḃíoḋ a ċaṫaoir ṁór ṡuaiṁnis féin, an bórd ar a leagtaiḋe lón ċuige, agus a ṡeanḃeiḋlín ḃíoḋ ar croċaḋ i n-aice na caṫaoireaċ nuair naċ mbíoḋ sé i ngreim ag fear an Tiġe Ṁóir.

Aċt ní minic ḃíoḋ an seanḃéiḋlín ar croċaḋ. Ní raiḃ de ċáirdiḃ ag Pól Duḃ aċt a ġléas ceóil, agus fear ḃíos ar aon ċaraid sa saoġal áluinn seo ní maiṫ leis aon aċar fada ċaiṫeaṁ as a ċuideaċtain. Le cúig bliaḋna déag d’aimsir ní raiḃ Pól Duḃ agus a ḃeiḋlín míle bealaiġ ó n-a ċéile. Gaċ uile oiḋċe sa mbliaḋain, ċloisṫeá ceól sa Teaċ Mór. Dá ḋeireannaiġe ṡiuḃalṫá an bealaċ cloisṫeá na ceólta breáġṫa ann; dá ṁoiċe ḃeaḋṫá do ṡuiḋe ar maidin ḃeaḋ fuamanna binne le clos agad. Agus is iomḋa sgéal agus sgéal sgéil ḃí ag gaḃail ṫart faoi ċeól an Tiġe Ṁóir. Duḃraḋ—(Dia idir sinn agus gaċ anaċain!) duḃraḋ narḃ é fear an Tiġe Ṁóir ḃíoḋ ag gaḃail an ċeóil ann ar ċor ar biṫ aċt taiḋḃsí na ndaoine cuireaḋ ċun báis ann san am ḃí ṫart! Ḃí dream eile ann a ċreid gurab é an diaḃal féin ḃíoḋ ag céolteóireact ann, go b’ sin