Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/178

This page has not been proofread.
162
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

Ṫarraingeamar na caṫaoireaċa timċeall ar an teiniḋ.

“Tá sé ar a ṫeiṫeaḋ,” arsa Séamus.

“Tá,” arsa Pádraic.

“Beirfear air,” arsa Séamus.

“Beirfear,” arsa Pádraic.

“Croċfar é,” arsa Séamus.

“Croċfar,” arsa Pádraic.

Ḃíos féin buaḋarṫa. Ba ḃeag agus ba lag an misneaċ ṫug an ḃeirt sin ḋom agus iad ar creaṫaḋ le fuaċt agus le fliċe ós cionn na teine. Ċuiṁniġ- eas ar Iób....

“Go gcuirfiḋ Dia an t-áḋ ort,” arsa Séamus, “aċt ḃfuil ḟios a’d cá mbíonn an poitín aige?”

Ċuartuiġeamar. Fuaireamar é. D’ólamar é. Ḃog an braon an ḃeirt....

“Ḃí áit ḋeas aige, an fear boċt,” arsa Séamus.

“Ḃí ṁ’anam.”

“Cúig céad acra annseo, feilm eile ṫall sna Rosaiḃ, airgead mór sa mbannc má’s fíor....”

“A ḃean ġeiḃeas uilig é,” arsa Pádraic go smaointeaċ.

“Is dóċa,” arsa Séamus liomsa, “is dóċa naċ bpósfá baintreaḃaċ dá gcroċtaiḋe a céad ḟear?”

“Croċfar é go cinnte,” arsa Pádraic.

“Agus ġeiḃiḋ an ḃaintreaḃaċ fear n-a ḋiaiḋ,” arsa Séamus.

“Duine de’n triúr againn b’ḟeidir....”

Ḃí siad ag cur díḃ agus ag toġaḋ fir do’n ṁnaoi naċ raiḃ n-a baintreaḃaiġ fós nuair ċualamar cois- méig ṁall ṫrom ar an tsráid. An Fean Mór féin!