Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/181

This page has not been proofread.
165
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

“Ní ḋeárna mé coir ariaṁ,” ars an Fear Mór idir ḋá osna, “ní ḋeárna sin—braoinín beag uisge,” ar seisean, agus ċeapṫá ar an ḃFear Mór go raiḃ sé ag dul i laige, “ní ḋeárna mé coir ariaṁ—”

“A ḃeiṫeaṁnaiġ na mbréag!” ars an ḃean, “nár ṗós tú mise agus bean eile beó agat? Aċt fan go ḃfaiġ’ mise greim mo ḋá láiṁ uirri....” agus naċ í ḃí niṁneaċ?

“Cé’n ṁaiṫ ḋuit an sgéal a ċeilt orainn-ne?” arsa mise leis;” má tá an ċéad ḃean marḃ, ár ndóiġ ní doċar ḋuit innseaċt dúinn faoi rún cá’r marḃuiġeaḋ í—”

“Cá’r ṁarḃuiġ tú í -,” arsa Séamus.

“Níl sí marḃ,” ars an Fear Mór, “níl sí marḃ ar ċor ar biṫ adeirim....”

“Naċ maiṫ a ḃí ḟios agam é!” ars an ḃean, “a ċlaḋaire an tsaoġail, cá’l sí i ḃfolaċ agat? Cá ḃfuil sí adeirim go stracfaiḋ me ó ċéile í?” agus fonn uirri an cleas céadna ḋéanaṁ leis an gcárnán mór feóla ḃí n-a ṡuiḋe n-a lob lag ar an gcaṫaoir ṁóir ar a haġaiḋ amaċ.

“Is feárr liom ná deiċ sgilleaċa go ḃfuil sí beó,” arsa Séamus, “níor croċaḋ fear ariaṁ ar ḃeirt ḃan ḃeiṫ aige—”

“A leibide móir na feóla ċreaṫaiġ!” ars an ḃean, “a ṡumaċáin an ḃuilg ṁóir! leig ċuige mé,” ar sise le Séamus ḃí i ngreim innti, “leig ċuige mé go stracfaiḋ mé na putóga amaċ as....”

Ní ḃéaḋ an fear mór beaṫaiḋe faiteaċ i n-ann é féin a ċosaint ar an mnaoi mire sin dá sgaoilfeaḋ. Séamus a ġreim. Ní ḟaca tú a leiṫéid de ḟeic