Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/19

This page has not been proofread.
3
CEÓLTÓIRÍ

Ṫainic an fear aimsire isteaċ.

Ṫóg Pol Duḃ a ċeann. D’ḟéaċ i dtreó an tsoluis. Leig air féin go raiḃ fearg air.

“A Ċrosaiġ,” ar seisean, “is baoġallaċ go gcaiṫfead sgaraḋ leat mara ndéanfaiḋ tú an obair níos fearr.”

“Ce’n obair a ṁaiġistir?” agus ṡílṫeá go raiḃ iongnaḋ ar Ṡean-Ċrosaċ.

“Cé’n obair an eaḋ? Féaċ ar an lampa sin—”

D’ḟéaċ Sean-Ċrosaċ air. Ḋearc sé faoi agus ós a ċionn agus ṫarais. Tóg sé é. D’árduiġ sé an ḃuaicis. D’ísliġ arís í. D’ḟan aċar beag deas ag féaċaint ar an lampa agus gan fios aige céard ḃí ar cearr leis. Ba dóiġ leat air naċ ḃfaca sé ariaṁ lampa ṡáruiġ é ar ġile ná ar ġlaine ná ar ḋéanaṁ.

Ḃí sé ar tí a ṁolaḋ nuair ṫainic raċt feirge bréige ar a ṁaiġistir.

“Tá gloine an lampa sin ċoṁ salaċ le do ṡeanṡróin,” ar seisean de ġlór ṁór, “glantar í go beó!” agus ḃuail sé aṫṁóg ar an mbórd.

Rug Sean-Ċrosaċ ar an lampa, le n-a ġlanaḋ. Ḃí sé ġ’á iomċar amaċ nuair sgread a ṁaiġistir air.

“Fan!”

D’ḟan Crosaċ. Beaṫa ṡearḃóġantaide toil a ṁaiġistir b’éidir.

“Gaḃ anonn agus cuimil do ḃos de’n ḃórd sin ṫall.”

Rinne an fear aimsire é. Rug a ṁaiġistir ar laiṁ air, go raiḃ an ḃos a cuimliġead de’n ḃórd faoi