Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/191

This page has not been proofread.
175
RÚN AN ḞIR ṀÓIR

mbéaḋ níos mó céille aige ná ceaċtar díḃ a ṗósaḋ. Cé’n meas d’ḟéadfainn ḃeiṫ agam ar ḟear naċ raiḃ sé n-a ċumas a ġnó ḋéanaṁ i gceart gan a ḋul i n-aċrann leis an dliġe agus le n-a ċliaṁnaiḃ aineólaiġe buile? Dá ḃfuiġeaḋ sé leadraḋ loin- eaċáin uaṫa naċ raiḃ a ḋá oiread tuillte aige? Dá ḃfuiġeaḋ sé an ċroċ ó luċt an dliġe ba ċuma liom, nár ṫuill sé sin agus an náire ċuir sé ar a ṁuinntir gaoil agus coiṁneasa? An leibide! nuair a ṡoc- raiġ sé a ċéad ḃean a ṁarḃuġaḋ cé’n fáṫ nár ċum sé sgéal éigin a mbéaḋ craiceann air le daoine a ḋallaḋ? Agus mara raiḃ sé n-a ċloigeann mór áḋmuid an oiread sin a ḋéanaṁ cé’n ceart ḃí aige aon ḃean a ċur ċum báis? Naċ ḃféadfaḋ sé ḃeiṫ ar an sgéal céadna gaċ uair le gaċ duine seaċas ḃeiṫ ġá ḃréagnuġaḋ féin a ráḋ go raiḃ sí beó uair agus ġá caoineaḋ uair eile? Agus an naipcín mór dearg sin ḃíoḋ aige le n-a ṡúiliḃ!

Ní raiḃ meas ná gean agam air, an plaiḋce gan éifeaċt! Aċt ċaiṫfiḋe é ċosaint ar an dliġe. Ḃéinn náiriġṫe go deó mara ḃféadfainn an beagán beag sin ḋéanaṁ do’n amadán agus an gaol gairid ḃí agam leis. É ċur anonn ṫar sáile go nglanfaḋ na spéarṫa roinnt, sin é ċeapas a ḋéanaṁ.

Ḃí gluaisteán ag Muinntir Ruairc ar an gCloiċ Léiṫ. Cúig ġiní ḃreáġ ṫugas do’n Ruarcaċ, agus ḃí an gléas iongantaċ iomċuir sin ar mo ċoṁairle féin agam go ceann ḋá lá. Ḃí ár nduine, an Fear Mór, ar an Uaċtar. Ċualas go raiḃ. Agus siúd ar aġaiḋ mé sa ngluaisteán go dtiocfainn suas leis, go dtiuḃrainn go Baile Áṫa Cliaṫ é, go ḃfaiġfinn