Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/212

This page has not been proofread.
196
M’ḞILE CAOL DUḂ

Agus naċ orm ḃí an lúṫġáir naċ raiḃ an ḟírinne níos measa ná ḃí! Ní heaḋ.... ní hé sin é; nílim ar an mbaraṁail sin ar ċor ar biṫ—sílim naċ ḃfuil sa saoġal seo aċt faic a ḃaint as—aċt an náire, seaḋ, an náire ḃéaḋ orm ag innseaċt na fírinne ḋó; dá mbéaḋ orm a ráḋ....

A’ dtuigeann tú leat mé? Aċt ní raiḃ orm aon sgéal innseaċt dó; ṫosaiġ sé féin ag cainnt agus seo é aduḃairt sé:

“A Eiḃlín,” ar seisean, “ag dul i n-óige atá tú. Tá cuma na maiṫeasa ort le ráiṫe. Tá tú ag eirġe croiḋeaṁail ceólṁar; suairceas ag sileaḋ uait; duairceas díbriġṫe uait: an doiliġeas agus an seantuirse ar fuaidreaṁ uait....”

Ḃí sé ċoṁ geanaṁail ċoṁ báiḋeaċ sin n-a ġlór agus n-a ḟéaċaint go raiḃ mé díreaċ ar tí innseaċt dó cé’n fáṫ gur aṫruiġeaḋ ar an gcaoi sin mé nuair ṫóg sé a láṁ le cosg a ċur liom.

“Ní call duit innseaċt dom,” ar seisean, “cé’n ċúis atá leis an aṫruġaḋ mór. Tá ḟios agam féin é. Ḃí ḟios agam ó ṫús é. Ḃí fios agam cé’n doċtúir leiġsiġ ṫú giḋ gur ṡíl na hamadáin sa traen ar maidin go raiḃ mé dall air. Mo léan naċ raiḃ sé ionnamsa é ḋéanaṁ, a Eiḃlín; aċt—”

Stop sé. D’eiriġ sé anḃrónaċ.

“Ní ḃacfad leis sin anoċt,” ar sé, “tuigeann tú fein cé mar tá an sgéal eadrainn, cé mar ḃí an sgéal eadrainn ó ṫús—”

Leigeas féin osna.

“Sin é é.... maiṫ go leór anois. Tá ḟios agam céard a leiġsiġ ṫú—rud naċ raiḃ agamsa le taḃairt duit faraoir. Tá ḟios agam freisin cé