Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/22

This page has not been proofread.
6
CEÓLTÓIRÍ

Ṁóir naċ iomḋa lá bróin ḃéaḋ air féin agus ar a ṁaṫair ḃoċt?

Rug an fiosraċt agus an dúil ḃí aige i gceól agus i n-eaċtraiḃ contaḃairteaċ’ an buaiḋ ar ar ċuala sé ariaṁ faoi ’n gceóltóir diaḃalta. D’eiriġ leis éaluġaḋ leis isteaċ sa Teaċ Ṁór agus Crosaċ ag daṁsa ḋó féin san halla fada, go ndeaċa sé isteaċ i séomra an ċeóltóra.

Ṫáinic uaṁan air nuair ṡeas sé i láṫair an ċeól- tóra—ḃí ná spéacláirí bainte ḋe aigesean, an ḃeiḋlín le n-a ais ar an mbórd, a ċeann duḃ deáġċumṫa mongaċ faoi, agus brón ṫar aon ḃrón dá ḃfaca an stócaċ ariaṁ n-a éadan....

Ṫáinic taċtaḋ éigin ar an stócaċ boċt. Ḃí truaiġ aige do ḟear an ḃróin. Ḃí fonn air laḃairt leis, aċt ní leigfeaḋ eagla ḋó é. Ḃí fonn air breiṫ ar an ḃeiḋlín agus croiḋe an ċeóltóra ṫógḃáil leis an gceól áluinn d’ḟoġluim sé uaiḋ féin i ngan ḟios, dá leigeaḋ eagla ḋó é....

Ċorruiġ sé. Ṁoṫuiġ an dall é, ṫóg sé a ċeann agus is annsin ċonnaic an stócaċ an t-uaṫḃás ċuirfeaḋ creaṫaḋ ar ċroiḋe cróḋa, ċonnaic sé i gceadóir súile millte an ċeóltóra....

Níor ḟéad sé anál a ṫarraingt ar feaḋ aċair ḃig. Leis an uaṁan ḃí air níor ḟéad sé corruiġṫe. Ṡíl sé éaluġaḋ leis. Ní raiḃ ann cos a ḃogaḋ, aċt é n-a ċoluṁain ḟaiteaċ annsin agus a ḋá ṡúil greamuiġṫe i n-éadan ṁillte an daill.

D’éiriġ an ceóltóir n-a ṡeasaṁ. Céard ḃí faoi a ḋéanaṁ? Cé’n droċ-íde ṫiuḃraḋ sé ar an t-é a raiḃ sé de ḋánuiġeaċt ann cur isteaċ air? Ṫáinic