Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/25

This page has not been proofread.
9
CEÓLTÓIRÍ

ḃainfeaḋ an t-olc ó ċroiḋe daonna. Ḃí dubrón agus croiḋe-ḃruġad agus céasaḋ intinne ġá noċtaḋ sa gceól sin, peacaiġ damanta ag iarraiḋ maiṫea- mnais ar Ḋia, diaḃail ag magaḋ fúṫa agus ġá mbrostugaḋ ċun iarraiḋ eile gan tairḃe ṫaḃairt...

D’éaluiġ osna ó’n dall. Ṡíl an stócaċ a ṫeanga a ḃogaḋ. Dá ḃféadfaḋ sé laḃairt leis an dall, dá ḃféadfaḋ sé iarraiḋ air cosg a ċur leis an gceól- tóir draoiḋeaċta ḃí ag baint na meaḃraċ de!

Ní raiḃ call leis. Níor ṫosuiġ an ceól arís. Dá mbéaḋ solus sa seómra, d’ḟeicfeaḋ an stócaċ an fear dall n-a ṡuiḋe n-a ċaṫaoir ṡuaiṁnis é ġá luas- gaḋ anonn agus anall le cuṁa agus le doiliġeas agus le dubrón; agus dá mbéad an solus naċ mbronntar aċt ar an mbeagán aige, ṫuigfeaḋ sé faṫ an ċuṁa sin, noċtóċaiḋe ḋó naċ easbaiḋ aṁairc, ná éadan millte ḃí ag cur air, ḃéaḋ ḟios aige gur minic agus ro-ṁinic san oiḋce le cúig bliaḋna déag gur ḃuail taom bróin dá ṡort é i ngan ḟios do’n tsaoġal, agus naċ raiḃ ḟios a aḋḃair ag neaċ aċt ag an dall boċt féin aṁain....

IV

“A Antoine!”

Ní ċreidfeaḋ an stócaċ a ċluasa. Laḃraḋ leis. Luaḋaḋ a ainm mar ṡíl sé—aċt cé’n ċaoi mbéaḋ a ḟios ag an dall cé’n t-ainm ḃí air. Ḋraoiḋeaċt na h-áite agus na h-uaire ḃí ag baint na meaḃraċ de.

Ċuir sé cluas air féin. Ní raiḃ le cloisint aige