Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/26

This page has not been proofread.
10
CEÓLTÓIRÍ

aċt an dall agus cainnt aisteaċ do-ṫuigṫe ar siuḃal aige. Leis féin ḃí sé ag cainnt ṡíl an stócaċ —nó leis an diaḃal nó an taise ḃíoḋ ag ceóltóir- eaċt ḋó. Ḃí sé ag braṫ ar éaluġaḋ ó’n áit ṁalluiġṫe, aċt ṫiuḃraḋ sé an leaḃar gur laḃraḋ leis arís:

“A Antoine!”

Ġeit sé. Níor laḃair. Ní ḋeárna sé aċt ḋul anonn go dtí an áit a raiḃ an fear dall n-a ṡuiḋe agus an taom bróin air, agus laṁ a leagaint ar ġualainn air le fóirṫín air.

“Cé sin?” ars an dall agus é sgannruiġṫe i ndá ríriḃ. “Cé sin adeirim?”

B’ḟuras d’aiṫint air gur ċeap sé go raiḃ sé leis féin ar feaḋ an aċair.

“Cé ṫusa?”

“Mise Antoine—Antoine Beag ó Gríoḃṫa—nár ġlaoḋ tú orm ar ball beag?”

Má ḃí ceapaḋ ag an dall i dtosaċ gur spioraid nó taise oiḋċe nó clúraċán éigin ḃí aige ann, ṫuig sé gan móill nár ḃ’eaḋ aċt stócaċ óg.

“Agus céard ṫug ann ṫú?” ar seisean.

“An ceól”

“Agus cé’n ċaoi ar eiriġ leat ṫeaċt isteaċ?”

D’innis Antoine Beag sin dó. Ḃí greim ag an dall air ar eagla go n-imṫeóċaḋ sé. Ní ḟaca ceaċtar aca a ċéile annsin sa dorċadas aisteaċ sa Teaċ Mór. Níor ċuala siad aċt a nglórṫa féin.

“’Raiḃ tú i ḃfad annseo gur laḃair tú?” Ṡílṫeá go raiḃ imniḋe ar an dall.