Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/31

This page has not been proofread.
15
CEÓLTÓIRÍ

ġaoiṫ aniar do ṁnaoi eile é, ce’n ċaoi a mbéaḋ ḟios aici-sean go mbíoḋ Antoine Beag an Ċeóil agus a ṁaṫair ag imṫeaċt san oiḋċe ag marcaiḋeaċt ar ḋá sguaib agus ceólta diaḃalta a ṁusglóċaḋ do ṁairḃ ġá ngaḃail aca?

Seaċnuiġeaḋ an clúraċán bídeaċ sin Antoine Beag an Ċeóil. Ní ḃfuiġeaḋ sé cuireaḋ ḋul ar ḃainis ná ar ḋáil, má ḃí ceól aoiḃinn féin aige. Seaċnuiġeaḋ a ṁáṫair mar an gcéadna. Dá ḃfeiceaḋ fear iasgaireaċta ar maidin í, d’ḟillfeaḋ sé aḃaile. Dá ḃfeiceaḋ bean í, tar eis eirġe ḋi, ċuirfeaḋ sí coṁarṫa na Croise uirri féin. Is beag duine a raiḃ sé de ḋánaiḋeaċt ann cuairt ṫaḃairt ar a teaċ. Fanaḋ amaċ uaiḋ mar fanaḋ amaċ ó’n Teaċ Mór féin san oiḋċe....

Aċt ní aṁlaiḋ ḃí an sgéal nuair ṫáinic sí san áit i dtosaċ, í féin agus a mac. Ní raiḃ ḟios cé as a dtángadar, nó cé dár díḃ iad, nó cé’n cineál daoine iad.

Tugaḋ faoi deara gur bean faoi leiṫ ḃí innti, go raiḃ nósa faoi leiṫ aici, naċ raiḃ dúil aici ḋul ar cuairt annseo ná annsúd, ná cainnt a ḋéanaṁ faoi aon rud ḃain léiṫi féin. Ḃí sí óg—n-a baintreaḃaiġ óig—aċt má ḃí sí óg féin ċaiṫ sí éadaiġ d’ḟeilfeaḋ ní bḟeárr dá máṫair. Ṡeandolmán glas-uaiṫne caiṫte agus boinéad de’n ċineál gránda caiṫtí leiṫċéad bliaḋain ó ṡoin is mó ḃíoḋ uirri. Má ḃí sí cúig bliadna déag agus fiċe b’ṡin a méid, aċt ḃí sí ag eirġe liaṫ, go mór-ṁór ós cionn a ḋá cluais, agus má ḃí an óige agus an ṁeiḋir le feiceál n-a ḋá súil ġlais ar uairiḃ, is minice ná