Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/34

This page has not been proofread.
18
CEÓLTÓIRÍ

n-a ġlaic aige, spéacláirí gorma ar a ṡúiliḃ agus é ag imṫeaċt roiṁe go mall cúramaċ.

D’eiriġ sí n-a seasaṁ. Ḃí sí corruiġṫe go mór. Má’s coinne ḃí déanta aici le Pól Duḃ, le fear an Tiġe Ṁóir, rinne sí rud aisteaċ. D’éaluiġ léiṫi agus ċuaiḋ i ḃfolaċ air ar ċúl sgeiċe. Ba ċosaṁail naċ raiḃ ḟios aici nár call di ḋul i ḃfolaċ air, naċ ḃfeicfeaḋ sé í pé ar biṫ áit a mbéaḋ sí.

Aċt má ḃí faitċíos uirri go ḃfeicfeaḋ Pól Dub í ba ṁó ná sin an fonn ḃí uirri gaċ uile ċor dá gcuirfeaḋ seisean de ḟeiceál. Nuair a baintí truslóg as ar an gcasán cloċaċ, nuair ḃuaileaḋ sé cos i n-aġaiḋ cloiċe, dá mbéaḋ sé ag útamáil go ro-ṁinic le n-a ṁaide treóir, ġeiteaḋ sí, ṫiocaḋ corruġaḋ croiḋe uirri, leigeaḋ sí osna beag aisteaċ aisti....

Ṡeas seisean díreaċ ar a haġaiḋ amaċ. Ċuir sé cluas air féin. Ḃí sé ag éisteaċt le rud éigin ḃí i ngar ḋó. Ṗreab a croiḋe: an raiḃ ḟios aige go raiḃ duine éigin n-a aice?

Ḃí fonn uirri éaluġaḋ léiṫi sul a ḃfeicfiḋe í. Ḋéanfaḋ freisin maraċ go raiḃ ḟios aici naċ ḃféadfaḋ gan a ḋul amaċ ar an réiḋ ós coṁair a ṡúl.

A ḃean, dá mbéaḋ ḟios agad naċ raiḃ beóḋaċt sna súiliḃ sin!

Ḃain seisean a ḃairéad de. Ḃí sé ag éisteaċt. Ḃí ceól éigin n-a ċluasaiḃ—ceól na beiċe ḃí ag dul ó ḃláṫ go bláṫ ar a saoṫar lae b’ḟéidir—mar ṫáinic an feiṫide beóḋa sin amaċ as an tom agus ċuaiḋ i ḃfolaċ i mbroinn bláṫa ċorcra ḃí ag fás ag cosaiḃ