Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/44

This page has not been proofread.
28
CEÓLTÓIRÍ

Má ḃí duine aca dall féin, ḃí an pictiúr céadna ós coṁair súl na beirte. Seómra beag glan i n-uaċtar tiġe i gcaṫair ṁóir. Bean óg n-a suiḋe léiṫi féin. Í cráiḋte. A ḋá súil ag sileaḋ deór. Cnag beag ar an doras. Tig fear óg luṫfar daṫaṁail isteaċ. Fáiltiġṫear roiṁe go deóraċ. Ceistniġṫear í faoi áḋḃar a bróin. Innsiġṫear sin dó. Is clos dóiḃ, is clos do’n dall agus do’n ṁnaoi atá ós a ċoṁair amaċ cuid de’n ċoṁráḋ a ṫárla cúig bliaḋna déag ó ṡoin:

An fear óg—Agus deir an doċtúir gur mar sin atá an sgéal agad?

An ḃean óg—Sin é deir sé: tá sé cinnte ḋe.

An fear óg—Agus cá ḃfios doṁsa gur liom é; cá ḃfios dom gur mise an t-aṫair....?

An ḃean óg—Imṫiġ! Agus ná feictear arís ċoiḋċe annseo ṫú!

Aċt an rún díoġaltais ṫáinic n-a croiḋe! An ċaoi ar ḟás agus gur ṁéaduiġ, gur ḃorruiġ agus go dtáinic fuinneaṁ ann! Ní ḟéadfaḋ aċt an ḃean féin cur síos air sin. Ní ḟéadfaḋ sise féin a ráḋ leat aċt gur ṁéaduiġ an fonn díoġaltais n-a croiḋe go mb’éigin di an fear a losgaḋ, gur imṫiġ léiṫi ġá ċuartuġaḋ ar fud na caṫraċ, go dtáinic sí air i ngan ḟios, gur ċaiṫ sí niṁ sgólta éigin idir an dá ṡúil air, gur imṫiġ sé leis n-a ġeilt sgréaċaċ mire....

Cúig bliaḋna déag ó ṡoin!

A Ṁuirġéid an ċroiḋe ċloiċe! Naċ cóir ḋuit anois maiṫeaṁnas ṫaḃairt do’n ḟear dall, do’n truaġán cráiḋte atá ós do ċoṁair amaċ agus é ġá