Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/49

This page has not been proofread.
33
CEÓLTÓIRÍ

a ṫeallaiġ féin. Ḃí sé soiléir ag an mnaoi cé’n uraim agus cé’n gráḋ ḃí ag a mac don dall, agus ba ṡaiġead i gcroiḋe aice gaċ aon ḟéaċaint dá dtug an gasúr ḋó. Ṡíl sí freisin go raiḃ an dall anṁór- ḋálaċ; go raiḃ sé ag taḃairt a duḃṡláin, go raiḃ sé ag iarraiḋ innseaċt di go raiḃ ceangal níos dlúiṫe idir é féin agus an gasúr ná an gaol fola agus naċ ḃféadfaḋ sise an ceangal sin a sgaoileaḋ ċoiḋċe ná go bráṫaċ....

Rinne sí a diṫċeall ó am go ham an dáil ċeóil a sgapaḋ. Ṫeip uirri gaċ uair. B’éigin di sa deireaḋ an leabaiḋ ṫaḃairt uirri féin ar eagla go mbrisfeaḋ a gol uirri n-a láṫair.

A Ṁuirġéid, cé’n fáṫ go raiḃ tú gan codlaḋ an oiḋċe sin? A Ṗóil Duiḃ, cé na ceólta millteaċa ḃí do ċroiḋe ag dul aḃaile ḋuit le fáinne an lae agus an ceóltóir óg sin dá dtug tú an dá ġean dod’ ṫreóir?

IX

D’ eiriġ maṫair Antoine nuair d’imṫiġ na ceóltóirí agus amaċ léiṫi. Má ḃí an seandolman glasuaiṫne féin uirri agus an boinéad beag gránda, agus má ḃí a ḋá béal buailte ar a ċéile, agus éadan bán cráiḋte uirri ḃéaḋ ḟios ag an t-é ba luġa breiṫeaṁnais naċ raiḃ innti aċt bean óg—bean óg agus fuadar niṁneaċ fúiṫi.

Ar an Teaċ Mór ṫug sí aġaiḋ. Ní raiḃ sé cinnte céard ḃí fúiṫi ḋéanaṁ ann; aċt ó d’imṫiġ a mac