Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/51

This page has not been proofread.
35
CEÓLTÓIRÍ

Ḃí an ḃean ḃoċt céasta. A sgéal mór féin a ċeilt ar a mac an rud is mó ḃí uaiṫi ariaṁ; dá mbeaḋ an t-aon ḟear beó d’ḟéadfaḋ í ḃréagnugaḋ ġá ḋéanaṁ le n-a mac anois féin! Aċt an ġeallaṁaint ṫug sé ḋi—is iomḋa caoi ḃéaḋ ag fear le dul ṫar geallaṁaint dá dtogróċaḋ sé é....

Ġluais léiṫi. Sgamaill n-a gné. Ifrionn n-a croiḋe. Uirri féin ḃí an milleán aici go dtáinic sí san áit ar ċor ar biṫ. Dá ḃfanfaḋ sí sa gcaṫair ṁóir ní ḟeicfeaḋ a mac an dall ċoiḋċe. Ní ḃéaḋ sí anois agus eagla anma uirri go noċtóċaiḋe ḋó a sgéal féin. Ḃain sí díoltas de Ṗól Duḃ aċt nárḃ ḟéidir léiṫi a ḟeiceál; agus díoltas naċ ḃfeictear níl ann aċt díoltas bréige, mór-ṁór ag mnaoi. Ó ċuala sí cá raiḃ coṁnaiḋe air, níor ḃain suaiṁneas intinne di go ḃfeicfeaḋ sí cé’n saoġal ḃí aige, go mbeaḋ eólas cinnte aici an raiḃ sé n-a ḋall amaċ ’s amaċ. Agus nuair a duḃraḋ leiṫi naċ raiḃ, naċ uirri ṫuit an croiḋe! Aċt nárḃ ḟiú a lán ag bean dá leiṫéid na súile gan beoḋaċt ḟeiceál i gceann an ḟir a ṫréig agus a ṁill í....

Ġread léiṫi. Fuadar fúiṫi. Beó smaointe aisteaċa ag eirġe n-a ceann ar nós na súilíní feictear ag eirġe aníos go bárr uisge ḃéaḋ ar fiuċaḋ. Ní aoiḃneas go díoltas. Ní díoltas go léargus. Ḃí uirri ṫeaċt annseo nuair ċuala sí go raiḃ Pól Duḃ ann—ḃí uirri a ṫeaċt pé ar biṫ céard a ṫiocfaḋ as. Aċt go noċtóċaiḋe a saoġal lom bréagaċ náireaċ féin dá mac! Go sgiobfaiḋe agus go ngoidfiḋe uaiṫi an t-aon duine aṁain ar an saoġal seo dá dtug sí