Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/52

This page has not been proofread.
36
CEÓLTÓIRÍ

gean! Go n-eireóċaḋ leis an t-é dá dtug sí fuaṫ a croiḋe é ḋéanaṁ! Naċ raiḃ a ḋíoltas uaṫḃásaċ féin ġá ḃaint amaċ ag Pól Duḃ?

Ḃí braonaċa móra alluis léiṫi. Méad cuileóige i ngaċ uile ḃraon díḃ. A croiḋe n-a ṫormán. A h-anam n-a h-anfa.

Ġeit sí. Sílṫeá gurab é an ċaoi gur sáiṫeaḋ biorán te isteaċ i mbeó a cluaise. Maraċ easbaiḋ anála ḃeiṫ uirri leigfeaḋ sí sgread. Leaṫ na súile uirri. Ḃog an béal cruaiḋ. Laḃair sí. D’éaluiġ na focla uaiṫi i ngan ḟios di féin mórán:

“An saoi is eólaiġe ṁair ariaṁ, ní raiḃ ḟios aige i gcoṁnaiḋe céard ḃí n-a ċroiḋe féin; cá ḃfios domsa céard tá ’mo ċroiḋe-sa anois? Cá ḃfios domsa narḃ é an seanġráḋ ḃí agam ar Ṗól Duḃ ṫug orm go diaṁair ṫeaċt san áit seo le n-a ḟeiceál arís sul caillfiḋe sinn?”

A Ṁuirġéid!....

X

Ḃí an maidneaċan ann faoi seo. Níor airiġ Mairġéad go raiḃ sí buailte leis an mbeirt beagnaċ. Aċt ó ḃí siad n-a seasaṁ ar ṫulaċ leaṫtaoḃ na sliġe agus a ndruim léiṫe ní ḟéadfaidís í ḟeiceál.

Ḃí an ġrian ar tí eirġe. Déarfaḋ duine a mbéaḋ friġid na filiḋeaċta ann go raiḃ coire ṁór i ḃfolaċ ar ċúl na maolċnoc agus daṫanna nuaḋa nár facṫas ariaṁ ċeana ’á measgaḋ san gcoire sin ag