Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/53

This page has not been proofread.
37
CEÓLTÓIRÍ

draoi de ḋaṫadóir. Aċt ní ar an áilneaċt sin ḃí an áird ag an mnaoi, aċt ar an mbeirt ḃí ar an tulaċ. Dá mbeaḋ ḟios aici céard ḃí ġá ráḋ ag an dall! Ḃí sé ag cainnt go dúraċtaċ leis an stócaċ ḃí le n-ais: an féidir go raiḃ sé ag innseaċt dó rún a gcroiḋe? An féidir go raiḃ sé ag ráḋ leis cé’n aiṫne ḃí aige uirri féin san am ḃí ṫart? Gaċ cor dá gcuireaḋ sé ḋe, gaċ casaḋ ḃeireaḋ sé dá laṁaiḃ, gaċ creaṫaḋ ḃeireaḋ sé dá ċeann mór mongaċ le briġ a ḃriaṫra a ṁéaduġaḋ, ċonnaic sí go soiléir é i naġaiḋ na spéire ioldaiṫte ṫoir, agus ḃain a ciall féin as. Uaireannta d’ḟeiceaḋ sí a éadan agus an dúṫraċt le taḃairt faoi deara ann; uair eile ṡíl sí gur aiṫniġ sí ar ċasaḋ dá dtug sé dá laiṁ go raiḃ an sgéal ar fad innsiġṫe aige agus ṫuit an croiḋe uirri. Táinic droċḃlas searḃ n-a béal. Do liaṫ an saoġal áluinn órḋa seo uirri....

Ḃí fál sgeiċe leaṫtaoḃ na sliġe. Ċuaiḋ sí ar a ċúl féaċaint a ḃféadfaḋ sí druideaḋ leó le cuid de’n ċainnt a ċlos i ngan ḟios. Níor eiriġ léiṫi. Ní raiḃ an ġaoiṫ faḃaraċ, aċt marar ċuala sí an ċainnt ní raiḃ aṫruġaḋ dá laġad dá dtáinic i ngné ceaċtar díḃ naċ raiḃ le feiceál go lán tsoiléir aici.

Ḃí aġaiḋ a mic tugṫa ar an dall, áird an tsaoġail aige ar a ċuid cainnte, uraim an tsaoġail aige ḋó. Ṫóg an dall a láṁ, ċoinniġ i n-áirde í, agus é ag cur de.

Ċuiṁniġ an ḃean ḃí i ḃfolaċ ar lá eile. Ḃí sí féin agus an dall óg an uair sin. Ḃí sé ag cur síos ar gaċ áilne dá raiḃ le feiceál—an spéir agus an ġrian