Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/57

This page has not been proofread.

“A ṁaṫair,” ars an stóċaċ, “naċ mbeiḋ tú mór le Pól feasta? Sé tá i n-ann an ceól a ġaḃail! Sé tá i n-ann cur síos ar rudaiḃ!”

Agus siúd ar aġaiḋ é ag molaḋ an daill.

Ċonnaic sé an ġrian leisgeaṁail n-a leabaiḋ néalta.

“Agus an ċaoi ċuir sé síos ar ball beag ar éirġe na gréine! Má tá moille raḋairc féin air ní raiḃ daṫ dá dtáinic san spéir ṫóir ó d’ ḟágamar an teaċ nár innis sé ḋom: nár innis a Ṗóil?”

Níor tugaḋ freagra air. Ní ar a ċuid cainnte ḃí áird ag an mbeirt. Ní air ḃíodar ag cuiṁneaṁ aċt ar ṁaidin eile agus an ḃeirt aca óg. An ṁaidin sin ċonnaic an ḃeirt aca an ġrian ag eirġe go maorḋa. Ise aṁain d’ḟéadfaḋ í feicéal anois....

“Agus maidir leat-sa a Ṗóil, ní raiḃ ceart agat gan teaċt ar cuairt againn roiṁe seo. Naċ minic d’ iarr mé ort ṫeaċt? Na súile b’ḟéidir—seaḋ sin leiṫsgéal; aċt tiocfaiḋ tú ó ám go h-ám, naċ dtiocfaiḋ anois?”

“Corruair ḟágaim an teaċ.”

“Tá ḟios agam sin aċt tiocfaiḋ tú oiḋċe Dia Doṁnaiġ agus beiḋ oiḋċe ceóil againn. Beiḋ mise mo ṫreóir agat. Naċ dtiocfaiḋ tú anois a Ṗóil?” ars an stócaċ go h-impiḋeaċ, aċt níor laḃair an dall.

“Abair leis a ṫeaċt a ṁaṫair. Déan.”

Níor laḃair sise aċt oiread leis an dall. Ḋearc an stócaċ ar an mbeirt. An raiḃ siad ag éisteaċt leis ar ċor ar biṫ? Ḃí féaċaint aisteaċ i súiliḃ a ṁaṫar. Ḃí sí ag féaċaint uaiṫi ar rud éigin nár