Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/58

This page has not been proofread.

léir ḋó féin. Agus an dall—ḃí seisean go neaṁ- aireaċ freisin. Ceól nuaḋ áluinn gá ċeapaḋ aige b’ḟéidir....

D’eiriġ an stócaċ n-a ṫost. Ní raiḃ aon ċeart aige ḃeiṫ ag cur isteaċ ar an mbeirt b’annsa le n-a ċroiḋe, aċt cead ṫaḃairt d’iongantas na h-uaire agus na h-áite an croiḋe a ṫógḃáil ionnta.

Aċt níorḃ í an uair láiṫreaċ seo, ná an áit láiṫreaċ ḃí ag baint na cainnte díḃ, aċt iongantas uaire agus áite eile, cuṁraċt na talṁan ann, ceól éanlaiṫ ann, an ġrian ag eirġe ann, an ḃeirt aca féin ann taoḃ le taoḃ, agus béal ar ḃéal....

“A Ṗóil!”

Ḃíoḋg an dall as an aisling sin. Ar laḃraḋ leis? An ó’n mnaoi ḃí sa laṫair anois nó o’n mnaoi ḃí leis cúig bliadna déag ó ṡoin ṫáinic an ċainnt?

Ise—an ḃean ḃí sa laṫair anois aduḃairt an focal. Agus leis an mac ḃí le n-a taoḃ a ṁeallaḋ ṫosuiġ sí ag cainnt faoi rudaiḃ beaga suaraċa leis an dall. Ní déanfaḋ sé cúis dá gceapfaḋ an mac céadna go raiḃ aiṫne aca ar a ċéile san am ḃí ṫart agus go raiḃ olc aca ḋá ċéile ḋá ḃárr. Ḃí a mac géarċúiseaċ. Ċaiṫfeaḋ sí ḃeiṫ ar a h-aire. An snaḋm cáirdis ceangluiġeaḋ idir a mac agus a ċeólċara a sgaoileaḋ, b’ṡin í an obair ṁór ḃí róimpi amaċ....

Sroiċeadar doras an Tiġe Ṁóir. Ní raiḃ Antoine Beag sásta imṫeaċt go n-osglóċaiḋe é. Bualaḋ air. Dúisiġeaḋ Sean-Ċrosaċ n-a ṗluais codalta agus easgaine aċt níor eiriġ sé. Bualaḋ arís ar an doras. Leag sé cos ar an urlár. Ṫug sé mionn.