Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/59

This page has not been proofread.

Bualaḋ arís ar an doras. D’eiriġ sé amaċ ar an urlár. Ċuir a ċeann amaċ ṫríd an ḃfuinneóig. Nuair a ċonnaic sé an ḃeirt ḃí i n-aonḟeaċt le n-a ṁaiġistir ċaiṫ sé trí smugairle taoḃ ṫiar ḋe le teann iongantais agus duḃairt:

“I n-ainm an Aṫar agus an Ṁic agus an Spioraid Naoṁ, ḃfuil deireaḋ an doṁain ann?”

XI

Nuair Ḃí Antóine Beag an Ċeóil agus a ṁaṫair ag dul aḃaile an ṁaidin sin, ṡíl sí an snaḋṁ cáirdis a sgaoileaḋ ar ḃealáċ eile.

Faoi ’n am seo ḃí Antoine ag tosuġaḋ ar ċuid ḃeag de stáir na tíre a léiġeaḋ; agus corr-oiḋċe nuair naċ mbíoḋ fonn mór ceóltoireaċta air ḃíoḋ sé ag innseaċt dá ṁaṫair cé’n droċ-íde ḃeirfeaḋ sé do’n sgriosadóir seo nó do’n ropaire úd dá mbeaḋ sé beó le n-a linn.

Ċuiṁnig an ṁaṫair ar an olc ḃíoḋ ar an stócaċ ḋoiḃ siúd rinne slad agus creaċ ar Éirinn.

Ḃí foṫraċ seantiġe le hais na sliġe.

“Muinntir Nualáin ḃíoḋ annsin a Antoine,” ar sise, “caiṫeaḋ amaċ iad fiċe bliaḋain ó ṡoin. Fuair an tseanḃean agus beirt de na páisdiḃ bás leis an ocras.... díreaċ annseo,” agus ṡeas sí ag féaċaint ar an seanteaċ.

Ċuir a mac i gcéill di cé’n gráin ḃí aige do’n droċtiġearna rinne an gníoṁ.

“Aṫair Ṗóil Duiḃ ċaiṫ amaċ iaḋ....”