Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/64

This page has not been proofread.

siocair le n-a turas. Aċt aiṫḃeóḋaḋ an seanḟuaṫ ḃí n-a croiḋe ó ṫús. Méaduiġeaḋ é. Faduiġeaḋ é. Naċ raiḃ a mac múirneaċ, an mac ṫóg sí le duaḋ agus le saoṫar, níos geanaṁla ar Ṗól Duḃ ná uirri féin? Agus ċoṁ mórḋálaċ is ḃíoḋ Pól Duḃ! An t-aon rud ar an saoġal dá dtug sí gráḋ ó ċroiḋe a ḟuadaċ uaiṫi! Ḃí a ḋíoltas féin ġá ḃaint amaċ aige i ndeire na dála....

Ḃuaileaḋ sí amaċ i n-aon turas le Pól Duḃ ḟeiceál ag útamáil leis n-a ḋall, agus ag bualaḋ a ċos i n-aġaiḋ na gcloċ sa tsliġe. Ċuireaḋ sí a díoltas féin i gcomórtas leis an ndíoltas ḃain seisean amaċ agus ḃíoḋ sí leaṫṡásta. Aċt ṫiocfaḋ raḃarta feirge uirri dá mbéad a mac féin i ḃfoċair an daill gá ṫreóruġaḋ agus ag éisteaċt le n-a ċóṁráḋ maiṫ. Aċt níor ṫáinic gníoṁ mar ṫoraḋ ar an ḃfeirg. Níor ṫáinic de ḃláṫ ariaṁ ar an ḃfeirg sin aċt briseaḋ croiḋe....

XIII

Agus d’imṫiġ na bliaḋanta ar an dóiġ sin go raiḃ Antoine Beag oċt mbliadna déag d’aois, go raiḃ sé n-a ógánaċ measarḋa árd gan mórán toirte ann; súile lonnraċa n-a éadan ḃán ar nós ḋá liaṫróid marmair ṫumfaiḋe i n-uisge; folt cataċ de ṁín- ġruaig síodaṁail ar a ċeann, aċt naċ ḃféadfaḋ a ḋiṫċeall é ċeansuġaḋ ná é ċóiriuġaḋ; glór bog duṫraċtaċ aige—ċeapṫá agus é ag laḃairt leat nár ḋuḃairt sé an cainnt ċéadna sin ariaṁ aċt