Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/65

This page has not been proofread.

leatsa aṁáin; é beó bíoḋgṁail ar a ċois agus n-a iomċur; ógánaċ naċ ngaḃfaḋ ṫart ar an tsráid gan daoine ḃeiṫ ag féaċaint air.

Níor aṫruiġ na trí bliadna an sgéal ar an triúr mórán. Ní aiṫneóċṫá ar Ṗól Duḃ go raiḃ an aimsir ag sleaṁnuġaḋ ṫart; ḃí máṫair an ḟir óig beagáinín beag níos caiṫte, beagán níos niṁniġe ná ariaṁ. Aċt ní ṡílfeaḋ aon duine uirri go raiḃ fúiṫi gníoṁ mór eile a ḋéanaṁ, leis an ḃfear sin a ṁill a saoġal uirri agus a mac a ċur ó ċéile go deó na ndeór....

Aċt ḃí. Ní ḟéadfaḋ sí an saoġal ḃí aici a ṡeasaḋ níos fuide. Ṫiuḃraḋ sí Pól Duḃ agus a mac le ċéile. D’innseóċaḋ sí a sgéal féin d’Antoine i láṫair Póil Duiḃ. Ċuirfeaḋ sí a craiceann féin air. Noċtóċaḋ sí ḋó i mbriaṫraiḃ toġṫa gaċ ar ḟulaing sí ó casaḋ Pól Duḃ léiṫi an ċéad lá. Ní ċeilfeaḋ sí aon rud air; ċoṁ mór le ċéile is ḃíodar i dtosaċ; go mb’é an ċéad ḟear é dá dtug sí gean; an sórt duine ḃí ann an uair sin; an teanga ḃladaraċ ṁealltaċ ḃí n-a ċeann; ċoṁ hóg is ḃí sí féin agus ċoṁ neaṁeólasaċ ar an saoġal is ḃí sí; an imniḋe ḃí uirri; an fonn ḃí uirri í féin a ḃáṫaḋ nuair ṫuig sí go raiḃ an anaċain déanta; an ċainnt aduḃairt Pól Duḃ nuair d’innis sí an sgéal ḋó; an buile ḃí uirri; an ċaoi ṡíl sí díoltas ḃaint de Ṗól; an t-uaṫḃás ḃí uirri nuair a ḃain—ċuirfeaḋ sí síos go glan soiléir orra uile go léir i láṫair na beirte....

Aċt an ḃeirt ṫaḃairt le ċéile—n-a teaċ féin dá mb’ḟéidir é—ní ḃéaḋ sé sin ró-éasgaiḋ. Ní raiḃ Pól