mór an díol air cleamhnas a thabhairt dó le briseadh ’ná cleamhnas a thabhairt dó le déanamh.
Gobnait.—Fan go fóil, a Shíle, a chuid. Dar ndó’ ní fhéadfadh aoinne beó an cleamhnas úd a dhéanamh. Ní fhéadfadh Diarmán féin é dhéanamh. Ná raibh aigne Shéadna socair ’na choinnibh ó thusach? Ná dúbhairt sé gur shaoire dhí í losgadh ’na beathaidh ’ná é ’ghá pósadh?
Síle.—Ní fheadar, a Pheig, cad é an chúis go ndúbhairt sé an focal san.
Peig.—Cad is dóigh leat féin, a Shíle?
Síle.—Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith leis í fhágáil ’na dhiaigh ’na baintrigh nuair a bheadh na trí bliaghna deug istigh. Ach dar ndó’ ní h‑ionan sin agus í losgadh ’na beathaidh.
Peig.—Ceapaim-se go raibh níos mó ’ná san ann, a Shíle. Níor bh’fholáir sgeul an Fhir Dhuibh d’innsint dí ó thúis go deire, nó é ceilt uirthi ó thúis go deire. Dá ’neósfaí dhí é, agus annsan go bpósfadh sí Séadna, rud a dhéanfadh sí, do bhrisfeadh a mhachtnamh a sláinte. Bhéadh sí d’á snaoidh ag galar dóghach, agus ba ghearr a mhairfeadh sí. Dá mba ná ’neósfaí dhí é, do bhéadh an feall déanta ag Séadna ba mheasa d’ár déineadh riamh. Ní fhéadfadh sé an feall san a dhéanamh, agus bhí a rian air, do theip ortha go léir an cleamhnas a dhéanamh.
Gobnait.—D’airigheas-sa go raibh aon chleamhnas amháin agus gur theip ar Dhiarmán é dhéanamh.
Síle.—Cad é an cleamhnas é, a Ghobnait?
Gobnait.—Cleamhnas an Chaoiltigh.
Cáit.—Ó, am briathar ’s ambasa, a Ghobnait, gur airigheas é bheith ar siúbhal. Ach má ’seadh, níor airigheas é bheith briste. Cad a bhris é, airiú? Bhí