Page:Seadna.djvu/101

This page has been validated.
97
SÉADNA

iongnadh ar gach aoinne a rádh go bpósfadh sé Siún.

Gobnait.—Is amhlaidh a bhí sgata áilteóirí cruinnighthe thoir ag ceardchain Mhicil Gabha, agus bhí Diarmán ann. Bhíodar ’ghá rádh go raibh feircín óir fé cheann na leapthan ag an gCaoilteach tar éis teacht thar faraige dhó. “Níor bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá, a Dhiarmáin,” arsa duine acu, “’ná cleamhnas a dhéanamh dó.”—“Cia leis go labharfainn?” arsa Diarmán.—“Le Tadhg Bán,” arsa fear eile. Do liúghadar go léir agus do gháireadar. Cheap seisean gur ag moladh an chleamhnais a liúghadar. Siúd amach é agus soir go tigh an Chaoiltigh. “A Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamhnas déanta agam duit.”—“Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a Dhiarmuid,” arsa ’n Caoilteach, “agus gan a fhaid sin de luígheachán na bliaghna ort! Cia h‑í féin?”—“Go réidh, go réidh, a Chaoiltigh! Is cuma dhuit fós cia h‑í féin. Ní ’neósad duit cia h‑í féin. Ní thráchtfad ar a h‑ainim leat chun go mbéidh a fhios agam an bhfuilir ollamh agus ceapaithe ar phósadh.”—“Táim ollamh agus lán-cheapaithe,” ar seisean.—“Tá go maith,” arsa Diarmán. “’Neósad an méid sin dóibh,” agus d’imthigh sé. Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh istigh roimis ach Siún. “A Shiún,” ar seisean, “tá cleamhnas déanta agam duit.”—“Nár chúitighthear do shaothar leat!” ar sise.—“Cúiteóchthar,” ar seisean. “Tá feircín óir fé cheann na leapthan aige.”—“Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na leapthan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?”—“É thabhairt leis tar faraige,” ar seisean.—“Airiú, an é an Caoilteach atá ar siúbhal agat?” ar sise.—

g