Page:Seadna.djvu/110

This page has been validated.
106
SÉADNA

CAIBIDIOL A TRÍDEUG.

Síle.—Agus cogar, a Pheig; nach deas a dhéin Máire Ghearra é tar éis an tsaoghail!

Peig.—Airiú, cad a dhéin sí, a Shíle?

Síle.—Gheall sí do Shéadna go gcoimeádfadh sí a rún, agus níor choimeád. Thug sí do Shiobhán é, agus ní raibh aon cheart aici é thabhairt d’aoinne. Bhí sé chómh ceangailte uirthi é choimeád agus bhéadh sé ar shagart an rún a gheobhadh sé i bhfaoisdin a choimeád.

Peig.—Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe le Séadna thug sí an rún do Shiobhán, i dtreó gur mhóide an uraim a bhéadh ag Siobhán dó.

Síle.—’Seadh go díreach! Ní h‑eadh, mhaise, ach mar mhaithe léi féin. Nuair dh’imthigh an measgán mearaidhe úd d’á h‑aigne, tháinig náire uirthi a rádh gur chuir sí Siobhán ag triall ar Shéadna ’ghá iaraidh air í phósadh, agus níor bh’fholáir léi an sgeul go léir d’innsint ansan do Shiobhán, i dtreó ná béadh aon mhilleán ag Siobhán uirthi.

Peig.—Agus dar ndóigh, a Shíle, má’s chuige sin a dhéin sí é, is dócha ná béadh aon mhilleán ag Séadna féin uirthi ’na thaobh.

Síle.—D’inis sé dhí fé rún é. Cad é an tairbhe rún mura gcoimeádfar é? Bhí sé ceart aici an sgeul d’fhágáil mar a bhí sé, agus gan a thuille cainte dhéanamh mar gheall air le h‑aoinne beó. Ní bhéadh aon mhilleán ag Séadna uirthi, an eadh? Tá go breagh! Ní mar sin is ceart rún a choimeád. Fágaim le h‑uadhacht, a Pheig, nár cheapas go ’neósadh sí do Shiobhán féin é.