Page:Seadna.djvu/111

This page has been validated.
107
SÉADNA

Peig.—Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach tusa a bhí ann nuair a bhí sí ’ghá innsint do Shiobhán.

Síle.—Abair é! Geallaim dhuit go ndéarfainn rud éigin léi ná dúbhairt Siobhán léi. “Ná bíodh ceist ort, a Shéadna,” ar sise; “coimeádfad-sa do rún.” Choimeád sí é leis go deas. É sgaoileadh amach chómh luath agus tháinig sí chun cainte le Siobhán! Dá ndéanadh aon bhean eile ach Máire Ghearra é, ní bheadh leath a iongnadh orm; ach í siúd, gur cheapas ná leigfeadh sí rún uaithi dá mbéadh sí le stracadh idir chapaillibh.

Nóra.—Am briathar féin, a Shíle, gur ’mó duine ná leigfeadh rún uaidh dá mbéadh sé le stracadh idir chapaillibh, agus ’na thaobh san do sgaoilfeadh uaidh é nuair ná béadh aoinne ’ghá iaraidh air.

Síle.—Má ’seadh, ní daoine de shaghas Mháire Ghearra iad.

Cáit.—Cogar, a Shíle, dar ndóigh do bhí rún chómh mór leis tabhartha aici do Shiobhán cheana, agus cad é an díobháil a bhí ann, rún eile thabhairt ’na theannta dhí?

Síle.—B’é a cuid féin é sin. Ní raibh bac uirthi a rogha rud a dhéanamh le n‑a rún féin, ach ní mar sin do rún duine eile.

Peig.—Tá an ceart agat, a Shíle. Ach tuig an méid seo. Ní mar a chéile rún fóghanta agus droch rún. An rún a dhéanfadh díobháil do Shéadna níor thug sé uaidh i n‑aon chor é. An rún a thug sé do Mháire Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin uirthi é choimeád, agus a fhios aici gur mhó an tairbhe ’ná an dochar do Shéadna an rún san a thabhairt uaithi do Shiobhán. Go mór mór ó bhí rún Mháire féin aici sin cheana.