Page:Seadna.djvu/116

This page has been validated.
112
SÉADNA

san ná gur dhéin sé a dhícheal air. Agus do dhéin Siobhán a dícheal air. Do theip sé ortha go léir glan. Ní fheadar cad dúbhairt Sadhbh nuair airigh sí go raibh cleamhnas Mháire Ghearra chómh briste le n‑a cleamhnas féin.

Peig.—Dúbhairt sí rud greannmhar, mhaise. Dúbhairt sí gur bh’í féin a bhris é, agus aon chleamhnas a bhéadh d’á dhéanamh do Shéadna, go mbrisfeadh sí ar an gcuma gcéadna é, nuair ná pósfadh sé í féin.

Cáit.—Gráin uirthi! ní h‑ag táiriugadh uirthi é. Ba mhaith an sgeul a bheith de thubaiste uirthi é ’ghá pósadh.

Nóra.—Cuirfead geall ná déanfadh sé an éagcóir uirthi sin ach chómh beag agus a dhéanfadh sé ar Mháire Ghearra.

Gobnait.—Éist, a Nóra. Ní gádh dhuit an geall san a chur. Níor bhaoghal di. Ní deirim go ndéanfadh an Pinsinéir Buídhe féin an éagcóir sin ar Shadhbh.

Cáit.—Dá ndeineadh, is dócha go ndíolfadh sé as. Ba mheasa dhó Sadhbh chuige ’ná an dlígh.

Gobnait.—Is dócha gurab amhlaidh a bhéadh dithneas air ag imtheacht an loch amach uaithi.

Cáit.—Cad é an geit a bhainfeadh fear na n‑adharc aisti!

Gobnait.—Am briathar mhóide, a Cháit, gurab é mo thuairim ná maithfeadh sí puínn dó. Má bhainfeadh sé geit aisti, go mbainfeadh sí geit as. Dá bhfaghadh sí greim ar adhairc air, nó ar mheigioll, ní déarfainn ná go mb’ fhearr leis bheith sgartha léi.

Nóra.—’Dhe, agus cad a bhéadh ag an eirball d’á dhéanamh? Dá bhfaghadh sí priocadh nó dhó ó’n iongain úd, ceapaim go dtiocfadh liúgh aisti.

Gobnait.—Ambasa, a Nóra, is gearr go mbéidh bárr agat uaim. Níor chuimhnigheas riamh ar an iongain.