Page:Seadna.djvu/119

This page has been validated.
115
SÉADNA

sráid oídhche, agus d’fhan sé ag ól i n‑áit éigin, go raibh formhór na h‑oídhche caithte. Ansan nuair a bhí sé ag déanamh ar an mbaile, bhí eagla air go mbéadh a mháthair a’ pléidh leis i dtaobh í choimeád an oídhche go léir ar an dtinteán ag feitheamh leis. Isé rud a dhein sé ’ná a leigint air go bhfeacaidh sé sprid thíos ar an mBóthar Leathan. Do chreid an mháthair é toisg an ainim aerach a bheith ar an áit. Ní raibh aon chómharsa a thagadh isteach ’na dhiaigh san go ceann abhfad ná cuireadh sí fheuchaint ar Chonn an sgeul dh’innsint. B’é crích an sgéil é go dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h‑oídhche a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air.

Peig.—Pé ’cu a chreid Sadhbh féin é nó nár chreid, bhí a lán des na cómharsanaibh a chreid láithreach é, agus ba ghearr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is dócha, toisg an deighleáil leathair a bheith idir Dhiarmuid agus Séadna, go mb’fhéidir go raibh an gheallamhaint ann. Pé sgéal é, bhí sé socair ’na n‑aigne gur mar gheall ar Shadhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra. Ansan, nuair a chuimhnigheadar ar an dturus úd Dhiarmuda suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb’fhéidir ná raibh Diarmuid chómh mór gan fios a ghnótha féin agus a shíleadar.

“Á,” a deiridís le n‑a chéile, “ní’l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.”

Micil agus a mháthair a bhí go troma-chroídheach de dhruim an sgéil. Gan amhras bhí a fhios ag Siobhán ná raibh baint ar bith ag Sadhbh le briseadh an chleamhnais, ach ní raibh a fhios san ag Micil. Ach má bhí troma-chroídhe ar Shiobhán i dtaobh na beirte sin a bheith sgartha go bráth