Page:Seadna.djvu/120

This page has been validated.
116
SÉADNA

le chéile ar an saoghal so, bhí troma-chroídhe agus cancar agus buile ar Mhicil i dtaobh a rádh go mbéadh sé de phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda do Shadhbh.

Síle.—Agus dar ndóigh níor thug, a Pheig.

Peig.—Cheap Micil gur thug.

Síle.—Ní dhéanfainn dabhta dhe! Nach iongantach ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal a cheapadh!

Peig.—’Sdó, bhí sé i mbeul gach aoinne aici. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe aici. Lasmuich de Shéadna féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobhán, ní raibh duine ná daonaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar chuir Sadhbh amach é. Dá mb’é Seághan Ceatach féin é, bhí sé buailte isteach ’na aigne go raibh geallamhaint phósta tabhartha ag Séadna do Shadhbh, agus gur bh’í an gheallamhaint sin a bhí ar aigne Shéadna an lá bhíodar ag siúbhal sa pháirc ar aghaidh tíghe Shéadna amach, é féin agá thafaint air Máire a phósadh, agus eisean ag admháil méid a ghrádha dhi, agus sa n‑am gcéadna ag cur an uile shaghas constaice i gcoinnibh an chleamhnais.

Síle.—Agus an é sin a bhí ar siúbhal acu? Conus a fuaradh amach é, a Pheig?

Peig.—Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shadhbh ar fuid na h‑áite, agus gur airigh Seághan é. Ansan do bhuail sé buille d’á bhais ar a leath-ghlúin, agus dúbhairt sé i n’aigne féin, “Ó! Tuigim anois,” ar seisean, “cad a bhí ar aigne Shéadna an lá úd. Nach mór an iongnadh,” ar seisean, “nár inis sé dhom, lom díreach, cad a bhí ar aigne aige, agus gan mé bheith ag dul chómh dian air, ’ghá chur suas chun mná do phósadh, agus geallamhaint phósta tabhartha aige do mhnaoi eile? Dáltha an sgéil,” ar seisean, “ní fheadar cad é an