Page:Seadna.djvu/125

This page has been validated.
121
SÉADNA

dtí an lá a bhí an uair sin ann. Ar thugais fé ndeara a chruinne agus a fheabhas a choimeád sé é ó’n uile dhuine d’ár labhair leis? Bhíos ag faire ar an sgeul, agus bhínn ’ghá cheapadh ó am go h‑am go sleamhnóchadh focal éigin uaidh a leigfeadh amach é; ach níor shleamhnuigh an smiog ba lúgha uaidh. Ní raibh aon nídh eile ’ghá chosg air Máire Ghearra a phósadh ach an rún a bhí aige i n’ aigne féin. Ní raibh eólas ar bith ag an sagart ná ag Seághan Ceatach ar an rún san. Bhí sé leathta ar fuid na dúithe ag Sadhbh gur gheall sé í féin a phósadh. Ní raibh aoinne ag bréagnughadh an sgéil sin. Conus a fhéadfadh aoinne a rádh ’ná go mb’fhéidir go raibh rud i bhfuirm fírinne sa sgeul? Ceapaim féin ná féadfadh Seághan Ceatach agus an sagart a n‑aigne do shocarughadh ar aon rud eile ach air seo, nár bh’fholáir nó go raibh an gheallamhaint ann.

Síle.—Agus dar ndó’, ba mhór an éagcóir é, a Cháit.

Cáit.—Ba mhór, gan amhras, ach cad é an leigheas a bhí air?

Síle.—Ba dhó’ liom gur cheart do dhaoinibh feuchaint rómpa agus gan an éagcóir a dhéanamh.

Cáit.—Ambasa, a Shíle, ba cheart. Ach ní fhágan san ná gur minic a crochadh duine san éagcóir agus gan leigheas ag aoinne air.

Gobnait.—D’airigheas-sa gur crochadh duine mar sin san éagcóir thiar i n‑aice an Rátha Mhóir fadó, nuair a bhriseadar na Buachaillí Bána an cóisde agus a mharbhadar an fear a bhí ’na ghárda air.

Nóra.—Cad ba ghádh dhóibh é mharbhadh, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a cheapadar go raibh páipeur ag fear an chóisde, agus gach aoinne a bhí ’na cheann ar