Bhuachaillíbh Bána go raibh a ainim sa pháipeur san, agus nuair a raghadh an cóisde go Tráigh-Lí go gcurfaí armáil amach, agus aon fhear go raibh a ainim sa pháipeur go mbéarfaí air agus go gcrochfaí é. Isé rud a bheartuigheadar ’ná teacht roimis an gcóisde agus an páipeur a bhaint amach ar ais nó ar éigin. Nuair iaradar an páipeur isé rud a dhéin an fear a bhí ’na ghárda ’ná caitheamh leó. Bhí arm teine acu-san chómh maith agus bhí aige-sin, agus do chaitheadar leis, agus do thuit sé marbh ar an mbóthar. Ar maidin lar na mháireach do bhuail amach ar an mbóthar seanduine bocht a bhíodh ag aedhreacht i gcómhgar na h‑áite, agus nuair a chonaic sé an duine marbh do stad sé ag feuchaint air agus sgárd ’na shúilibh. Le n‑a linn sin do tháinig an t‑arm dearg suas, agus do rugadh ar an seanduine bocht, agus do cuireadh suas croch láithreach chun a chrochta.
Síle.—Agus cad chuige é chrochadh gan chúis?
Gobnait.—Ambasa, a Shíle, ba chuma leó súd cia’cu a bhí cúis chuige nó ná raibh. Seanduine bocht simplidhe dob’ eadh é, gan pheacadh. D’iar sé an sagart a thabhairt chuige, agus do tugadh. Nuair a bhí a fhaoisdin déanta aige, agus iad ’ghá bhreith suas chun na croiche, bhí sé ag tuitim i gceann a chos le sgannradh. Ní fhéadfadh sé siúbhal ná seasamh. Ansan do labhair an sagart leis agus dúbhairt sé, “Ní fiú dhuit a leithéid sin d’eagla bheith ort,” ar seisean. “Ní túisge do sgarfaidh anam le colainn agat ar an gcroich ’ná bheidh aoibhneas na bhFlathas agat láithreach.”—“An ndeirean tú liom é?” arsa ’n seanduine bocht.—“Deirim gan amhras,” arsa ’n sagart. “Tá Íosa Críost agus