Síle.—Agus cad ’na thaobh nár crochadh é?
Gobnait.—’Seadh go díreach! Cad ’na thaobh nár crochadh é! Cad ’na thaobh nár crochadh M’leachlainn? Níor crochadh. ’Siad na Cárthaigh a crochadh, nuair a dhearbhuigh M’leachlainn ortha an gníomh a dhéin sé féin.
Cáit.—Nach é Cormac Mac Cártha a lámhuigh Bob Hutchison, a Ghobnait?
Gobnait.—Isé, nuair a sheasaimh M’leachlainn ua Dubhagáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé beul a ghuna le n‑a dhrom, agus dúbhairt sé, “Lámhuigh é, a Chormaic,” ar seisean, “nó lámhfad-sa thusa!” Agus dar ndó’, ní raibh de na Cárthaigh ann ach Cormac. Ní raibh Ceallachán ná Tadhg ann i n‑aon chor, agus do crochadh an triúr. Agus ní baoghal, a Shíle, gur crochadh M’leachlainn.
Síle.—’Sdó, go deimhin, ba dhóigh le duine ort-sa, a Ghobnait, gurab iad na daoine ciontacha is mó a théidhean saor, agus gurab iad na daoine macánta a crochtar. Do crochadh an seanduine thiar i n‑aice an Rátha Mhóir, agus níor crochadh an mhuintir a chroch é. Do crochadh na Cárthaigh, agus níor crochadh M’leachlainn. Níor crochadh Dochtúir de Faoite.
Gobnait.—Ar airighis riamh, a Shíle, cad dúbhairt sean Sheón Léadar leis an bhfear oibre? “Duine macánta iseadh mise,” arsa ’n fear oibre.—“Duine macánta!” arsa Seón. “Imthigh uaim, a dhuine mhacánta!” ar seisean. “Ní dhéanfadh duine macánta mo ghnó-sa i n‑aon chor.”
Peig.—Fan leat go fóil, a Ghobnait.
“Tá sé ar naisg aici,” arsa ’n sagart, “agus is mór an truagh é. Ach cad ’tá le déanamh againn?”
“Cad a bhéadh le déanamh againn,” arsa Seághan, “ach