Page:Seadna.djvu/129

This page has been validated.
125
SÉADNA

an gheallamhaint a chur i leath-taoibh? Ní’l sé ceangailte ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh. Ní bhéadh sé ceangailte ar aon fhear beó a bhéadh ’na chás. Is geallamhaint gan éifeacht í.”

“Tá san uile fíor go leór,” arsa ’n sagart, “ach conus a curfar i leath-taoibh í? Siní an cheist. Cad é an chéad aitheasg atá le déanamh againn?”

“Is é céad aitheasg a dhéanfainn-se, a Athair,” arsa Seághan, “dul soir go tigh Dhiarmud’ Léith agus an ceann a bhaint de’n sgeul láithreach dó féin agus do Shadhbh, agus a innsint dóibh lom díreach ná fuil aon tairbhe sa gheallamhaint, ná fuil ann ach díth céille dhóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an nduine.”

“Má dhéinir mar sin,” arsa ’n sagart, “ceapaim gurab é céad aitheasg a dhéanfaidh Sadhbh a fhiafruighe dhíot go tur agus go teann cé dúbhairt leat teacht chun cainte léi, nó an é Séadna a chuir chuici tú leis an dteachtaireacht san, agus má’s é, gurab é a cómhairle féin duit imtheacht abhaile agus aire thabhairt dod’ ghnó féin, agus leigint do Shéadna an cleas céadna a dhéanamh.”

“Má’s eadh, a Athair,” ar seisean, “cad déarfá lem’ dhul chun cainte le Séadna féin ar dtúis?”

“Agus cad déarfá leis?” arsa ’n sagart.

“Déarfainn leis,” ar seisean, “gur mór an truagh dhó a shaoghal a sgaoileadh uaidh ag seasamh geallamhna gan bhrígh, agus gan ceangal air i láthair Dé an gheallamhaint do chómhlíonadh.”

“Ní fhéadfainn aon tuairim a thabhairt,” arsa ’n sagart, “fé’n bhfreagra gheabhthá uaidh. Is duine ró dhoimhinn ró dhorcha é. D’á ghéire thabharfá tuairim fé’n gcaint a bhéadh le teacht uaidh, nuair a thiocfadh an chaint