Page:Seadna.djvu/130

This page has been validated.
126
SÉADNA

bhéadh sí seacht míle ó’n dtuairim. Ach do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná béadh coinne agat leis agus a bhainfeadh ded’ bhonnaibh thú.”

“Ní fheadar an tsaoghal, a Athair,” arsa Seághan, “cad is maith dhom a dhéanamh.”

“Ar inis Máire dhuit,” arsa ’n sagart, “cad dúbhairt Séadna léi an lá a bhí sé thiar?”

“Níor inis, a Athair,” ar seisean, “agus níor fhiafruigheas di é.”

“B’fhéidir,” arsa ’n sagart, “dá mbéadh a fhios agat cad dúbhairt sé léi an lá san, go dtabharfadh san oiread eólais ar a aigne dhuit agus a chuirfeadh ar an mbóthar gceart tú sul a raghfá chun cainte leis.”

“Tá go maith, a Athair,” ar seisean. “Fiafróchad anois di é nuair a raghad abhaile, ar a shon nach maith liom trácht i n‑aon chor léi air, le h‑eagla go gcuirfeadh sé aon bhuairt uirthi agus go bhfillfeadh an lionn-dubh úd airís uirthi.

“Ní’l agat,” arsa ’n sagart, “ach an sgeul do tharang anuas chómh réidh, chómh neamhchuiseach agus is féidir é.”