Page:Seadna.djvu/132

This page has been validated.
128
SÉADNA

“Tá daoine a déarfadh gur buairt aigne atá ag imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir sé ceangal nó geallamhaint nó rud éigin de’n tsórd san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart i n-am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus a fuair sé cad a bhí déanta aige, i n-inead aon iaracht do thabhairt ar é féin d’fhuasgailt, gurab amhlaidh a chuaidh sé i n-éadóchas ar fad.”

D’éist Máire. Níor leig sí aon rud uirthi. Bhí iongnadh a croídhe uirthi.

“Ní h-éidir,” ar sise ’na h-aigne, “gurab amhlaidh do sgéidh an bhaintreach!”

“Ba chóir,” ar seisean, “dá mbeadh aon rud de’n tsórd san ar a aigne, go ’neósadh sé dhuit-se é an lá úd, i dtaobh a’s gur ró bheag an uain a thug sé dhó féin ar phuínn d’innsint duit.”

“Andaigh féin, ba chóir sin,” ar sise go neamhchuiseach. “Is dócha,” ar sise, “dá mbéadh rud d’á shórd ag déanamh buartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar é dh’innsint, agus nuair nár thug, gur maith an cómhartha ná raibh.” Bhí stoca le n-a h-athair ’na láimh, agus í ag cur cléithe ann, agus ba dhóigh leat uirthi gur géire bhí a h-aigne ar an stoca ’ná ar an gcaint.

Is ar Sheághan a bhí an iongnadh ansan. “Níor inis sé riamh di é!” ar seisean i n’aigne féin. “Mhaise, is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá mbéadh sé ag déanamh buartha dhó do thabharfadh sé uain dó féin ar é dh’innsint.”

“Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbéidh sé ad’ ghortughadh.”

Síle.— Am briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leig sí amach é. Ní bhéadh an meas céadna go bráth airís agam uirthi, an dá lá ’s an fhaid a mhairfeadh